Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 7:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic, agus cuir m'aitheanta i dtaisce duit féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 A mhic, coimhéad mo bhríathra, agus cuir maitheanta a ttaisgidh agad féin.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 7:1
16 Tagairtí Cros  

Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil, Agus taiscigh a theagasc i do chroí


Éist, a mhic, le teagasc d'athar agus ná séan oiliúint do mháthar.


Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.


Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.


Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad.


Gabhann a cosa síos chun an bháis, agus seolann a céimeanna síos chun Seól;


A mhic, coinnigh aithne d'athar, agus ná tréig teagasc do mháthar.


Ní ghlacfaidh sé le cúiteamh, ná ní shásófar é dá mhéad a bhronnann tú air.


Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”


Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


an mhallacht, mura ngéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d'aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.


Is méanar dó seo a léann os ard agus a éisteann le focail na fáistine seo agus a choimeádann a bhfuil scríofa inti; óir tá an uain in achomaireacht.


Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí