Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 15:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Má choinníonn sibh m'aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar, agus a fhanaim ina ghrá.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Fanfaidh sibh i mo ghrá-sa ach sibh mʼaitheanta a choinneáil, mar a choinnímse aitheanta mʼAthar agus mar a fhanaimse ina ghrá-san.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Má chongbhuigheann sibh m’aitheanta, fanfaidh síbh i mo ghrádh, amhail mar chongbhuigh mise aitheanta m’Athar, agus fanaim ina ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 15:10
28 Tagairtí Cros  

mar choinnigh mé slite an Tiarna, agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia.


Chloígh sé go dílis leis an Tiarna, gan casadh uaidh choíche, ach ag coimeád na n‑aitheanta a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.


An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas. Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne, níor theann mé ar gcúl.


Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”


Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.


Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.


An té a bhfuil m'aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m'Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo.


Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.


Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.


An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m'aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis.”


Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.


Is cuma an timpeallghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád.


Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.


Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;


Óir b'fhearr dóibhsean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh.


Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.


Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.


An té a deir go maireann ann ní foláir dó siúl faoi mar a shiúil seisean.


Mar gurb é seo grá Dé, comhlíonadh a aitheanta; agus ní tromualach a aitheanta.


Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí