Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
is ansin a bheidh d'aoibhneas sa Tiarna; cuirfidh mé i do mharcach thú ar mhullaí cosanta na tíre. Beathóidh mé thú le hoidhreacht Iacóib, d'athair, óir tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse; beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse; beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).
Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.
Ansin d'éist Zarubáibil, mac Sheailtíéil, agus an t‑ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus fuílleach uile an phobail le hachainí an Tiarna, a nDia, agus le briathra an fháidh Hagaí de bhrí gur chuir an Tiarna chucu é agus go raibh eagla ar an bpobal roimh an Tiarna.
“Má ghéilleann tú go dílis do ghlór an Tiarna agus na haitheanta go léir dá chuid atá á n‑ordú agam duit inniu a chomhlíonadh le barr cáiréise, cuirfidh an Tiarna do Dhia thú go hard os cionn náisiúin uile na cruinne.