Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díomsa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus dubhairt seisean leis: Cad chuige a gceistigheann tú mise fá’n mhaith? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Acht má’s mian leat dul isteach san bheatha, coimhéad na h-aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus adubhairt seisean leis, Cad chuige dhuit ceist do chur orm‐sa i dtaobh maitheasa? Ní maith aoinneach acht Aon amháin: acht má’s mian leat dul isteach sa mbeathaidh, coimhéad na h‐aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus dubhairt sé leis: Cad é an trácht so agat ar mhaith? Ní’l ach Aon is maith, ’sé sin Dia. Ach má’s maith leat dul isteach sa bheatha, coimeád na n-aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Dúirt sé leis: “Cén fáth a bhfiafraíonn tú díom-sa faoin maith? Aon neach amháin is maith. Ach más áil leat dul isteach sa bheatha, coinnigh na haitheanta.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:17
14 Tagairtí Cros  

Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.


Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil; múin dom do reachtanna.


Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví


Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. “Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.


Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna. An té a leanann iad, beidh an bheatha aige iontu. Mise an Tiarna.


Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.”


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.


Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí