Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Tiomóid 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a mhic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.

2 Agus na neithe do chualais uaim‐se i n‐éisteacht móráin fiadhnaidhthe, cuir ar iontaoibh daoine ionnraice iad, go mbéidh ar chumas dóibh daoine eile do theagasc, leis.

3 Fulaing cruadhtan, mar dhéanfadh saighdiúir maith Íosa Críost.

4 Saighdiúir i mbun a dhualgais, ní cheaduigheann sé dhó féin bheith gabhtha ag gnáthchúramaibh an tsaoghail seo, chum go mb’ fhearr thaithneochas sé leis an té do thogh mar shaighdiúir é.

5 Agus an féar théigheas ag iomaidheacht ins na cleasaibh lútha, ní tugtar an choróin dó muna ndearna sé an iomaidheacht do réir na riaghlach.

6 An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil.

7 Breathnuigh a bhfuil d’á rádh agam; óir bhéarfaidh an Tighearna tuigsin san uile nidh dhuit.

8 Cuimhnigh ar Íosa Críost, de phór Dháibhí, d’aiséirigh ó na marbhaibh do réir mo shoiscéil‐se:

9 go bhfuilim ag fulang ar a shon i gcuibhreachaibh amhail cuirptheoir, acht ní fhuil briathar Dé fá chuibhreachaibh.

10 Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.

11 Is fírinneach an rádh so: Má fuaramar bás i n‐éinfheacht leis, mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis mar an gcéadna:

12 má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:

13 má éirighmíd‐ne neimh‐dhílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do shéanadh.

14 Cuir na neithe seo i gcuimhin dóibh, g‐á fhógairt dóibh i bhfiadhnaise an Tighearna gan bheith ag aighneas fá fhoclaibh nach bhfuil aon tairbhe ionnta, acht chuireas amugha an dream chluineas iad.

15 Déan do dhícheall chum thú féin do thaisbeáint mar fhear ionmholta i bhfiadhnaise Dé mar oibridhe nach gábhadh dhó bheith fá náire, ag riaradh briathair Dé le díreachas.

16 Acht seachain baothghlór neamh‐dhiadha; óir rachaidh siad níos faide ar aghaidh i neamh‐dhiadhacht;

17 agus leathfaidh a mbriathar amhail aillis: daoine de’n aicme sin is eadh Hímenaeus agus Fílétus;

18 daoine do chuaidh ar seachrán ó’n bhfírinne, g‐á rádh go bhfuil an aiséirghe thart cheana, agus atá ag milleadh creidimh daoine áirithe.

19 Cibé ar bith é, fanann bun daingean Dé go seasmhach, agus an séala so air: Is eol do’n Tighearna a mhuinntear féin; agus, Gach aoinneach ainmnigheas ainm an Tighearna, tréigeadh sé an éagcóir.

20 Anois i dtigh mór bíonn, ní h‐é amháin soithigh óir agus airgid, acht soithigh adhmaid agus cré, leis; cuid díobh chum onóra, agus cuid díobh chum easonóra.

21 Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó.

22 Acht seachain ainmhianta na h‐óige, agus lean de’n fhíréantacht, de’n chreideamh, de’n ghrádh, de’n tsíothcháin, i n‐éinfheacht leis na daoinibh ghlaodhas ar an Tighearna as croidhe úr‐ghlan.

23 Acht diúltaigh do cheisteannaibh dith‐céillidhe, dith‐léigheanta, agus a fhios agat go mbrostuigheann siad bruighean.

24 Agus ní ceart do sheirbhíseach an Tighearna bruighean do bhrostú, acht bheith cneasta leis an uile dhuine, bheith ullamh chum teagasc do thabhairt,

25 lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne,

26 agus chum go bhfuasclóchaidh siad iad féin slán as gaiste an diabhail, tar a éis do sheirbhíseach an Tighearna breith ortha chum toil Dé do dhéanamh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí