Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Breathnuigh a bhfuil d’á rádh agam; óir bhéarfaidh an Tighearna tuigsin san uile nidh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Déan do mhachnamh arís ar a bhfuil á rá agam, ó bronnfaidh an Tiarna tuiscint gach ní ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Smuáin ar na neithibh a deirim; agus go dtuguidh ar Tíghearna tuigsi dhuit sna huile neithibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Machnaigh ar a bhfuilim a rá agus tabharfaidh an Tiarna tuiscint duit ar an iomlán.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:7
40 Tagairtí Cros  

óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh.


Annsin d’fhoscail sé a h‐inntinn dóibh, chum go dtuigfidís na scrioptúirí;


Cuiridh‐se na ráidhte seo i dtaisce ’n‐bhúr gcluasaibh: óir atá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.


Acht an Sólásaidhe, an Spiorad Naomh, chuirfeas an t‐Athair uaidh im’ ainm‐se, múinfidh seisean gach uile nidh dhaoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne dhaoibh gach a ndubhras libh.


nuair thiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróchaidh sé chum na fírinne uile sibh: óir ní h‐uaidh féin labhras sé; acht labharfaidh sé gach a gcluineann sé: agus nochtfaidh sé dhaoibh na neithe atá le teacht.


agus bhí Dia leis, agus d’fhuascail sé é ó n‐a anró uile, agus thug sé fábhar agus eagna dhó i láthair Faraó rí na h‐Éigipte; go ndearna sé ceannphort de ar an Éigipt agus ar a rí‐theaghlach féin.


Óir tugtar briathar na h‐eagna tríd an Spiorad do dhuine amháin; agus tugtar briathar an eolais do dhuine eile tríd an Spiorad céadna:


I ndeireadh scéil, a bhráithre, gach a bhfuil fíor, gach a bhfuil uasal, gach a bhfuil glan, gach a bhfuil ’n‐a dhíol grádha, gach a bhfuil fá dheagh‐chlú; gach subháilce, gach éinnidh atá ionmholta, gur ab ortha sin bhéas sibh ag smaoineadh.


Ar an adhbhar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a thaobh, ní scuraimíd de bheith ag déanamh urnaighthe ar bhur son, agus g‐á iarraidh go líonfar sibh d’eolas a thola san uile eagnaidheacht agus tuigsin spioradálta,


Bí ag cleachtadh na neithe seo; tabhair lán‐aire dhóibh, chum go mba léir do’n uile dhuine an dul ar aghaidh atá dh’á dhéanamh agat.


An criadhaire do‐ghní an sclábhaidheacht, ní mór dó an chéad‐toradh d’fhágháil.


Cuimhnigh ar Íosa Críost, de phór Dháibhí, d’aiséirigh ó na marbhaibh do réir mo shoiscéil‐se:


Óir samhluighidh libh féin an té gur cuireadh cómh mór sin ’n‐a choinnibh, agus peacaigh g‐á shéanadh, chum nach n‐éireochaidh sibh lag, claoidhte ’n‐bhur n‐anmannaibh.


Cuimhnighidh ar bhur dtreoraidhthibh, do labhair briathar Dé libh; breathnuighidh deireadh a saoghal ar talamh, agus déanaidh aithris ar a gcreideamh.


Uime sin, a bhráithre naomhtha, a rannpháirtidhthe san ngairm neamhdha, breathnuighidh Abstal agus Árd‐Shagart an chreidimh admhuighmíd, Íosa Críost;


Breathnuighidh anois a áirde i gcéim do bhí an fear so d’á dtug Abracham paitriarcha an deachmhadh cuid de’n éadáil dob’ fhearr.


Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í.


Ní h‐í seo an eagnaidheacht thig anuas, acht atá sí talmhaidhe, colnaidhe, deamhnaidhe.


Acht an eagnaidheacht atá ó neamh anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síothchánta, leis sin, ceannsa, so‐chómhairleach, gan cealg, gan fimíneacht.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí