Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus na neithe do chualais uaim‐se i n‐éisteacht móráin fiadhnaidhthe, cuir ar iontaoibh daoine ionnraice iad, go mbéidh ar chumas dóibh daoine eile do theagasc, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus taobhaigh ar chuala tú uaim os comhair mórán finnéithe le fir chreidmheacha a bhfuil i ndán dóibh daoirle eile a theagasc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus na neithe do chuáluidh tú uáimse a láthair mhoráin dfíaghnuibh, táobh na neithe céudna ré dáoinibh dísle, noch bhías foirtill ar dháoinibh eile do theagusg mar an gcéunda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 An teagasc a chuala tú uaim-se i bhfianaise a lán, cuir-se é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 An teagasc a chuala tú uaimse i bhfianaise a lán, cuirse é i gcúram daoine iontaofa a bheidh in ann é a mhúineadh do dhaoine eile chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:2
33 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.


Féach atá inniste agam daoibh roimh ré.


Agus adubhairt an Tighearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallmhar, go gcuirfidh a thighearna é i mbun a theaghlaigh, chum go dtiubhraidh sé a gcuid bidh dhóibh i dtráth?


Thairis sin is é rud éilightear ar mhaoraibh bheith dílis.


Acht buidheachas le Dia, threoruigheas go buadhach i gCríost sinn i gcómhnaidhe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár lámhaibh an chumhracht thig ó eolas air.


ní h‐é gur féidir linn éinnidh d’áireamh mar bhéadh uainn féin; acht is ó Dhia thig ár gcumas;


mar d’fhoghlaim sibh ó Epafras, ár gcóimh‐sheirbhíseach ionmhain, atá ’n‐a mhinistir dílis do Chríost ar ár son,


Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:


Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;


Ná déan faillighe san tabhartas atá ionnat, tugadh tré tharngaire dhuit le leagadh lámh na seanóir.


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Ná leag lámha go h‐obann ar aoinneach, agus ná bí páirteach i bpeacaidhibh daoine eile: congbhuigh thú féin glan.


Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe.


Acht do leanais‐se dem’ theagasc, dem’ dheagh‐iomchar, dem’ chuspóir, dem’ chreideamh, de’m fhoighid, dem’ ghrádh, dem’ sheasmhacht, dem’ ghéirleanamhnaibh, dem’ anacraibh.


Acht lean‐sa de na neithibh atá foghlamtha agat agus go bhfuil tú dearbhtha dhíobh, agus a fhios agat ciarbh iad ó n‐ár fhoghlaimis iad;


Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí