Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Uime sin, a mhic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Bí láidir mar sin, a mhic, i gcumhachtaí an ghrásta atá in Íosa an Críost,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Uime sin, a mhic, bíse láidir sa ngrás atá a Níosa Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:1
14 Tagairtí Cros  

Bidhidh ag faire; seasaidh go daingean san gcreideamh; bidhidh go fearamhail; bidhidh tréan‐láidir.


I ndeireadh scéil, bidhidh tréan san Tighearna agus ’n‐a neart mór‐chumasach.


Ní fhuil nidh nach dtig liom a dhéanamh le cumas an té neartuigheas mé.


Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;


chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


Óir ní spiorad eagla thug Dia dhúinn, acht spiorad cumhachta, agus grádha, agus cialldhachta.


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí