Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Mar sin níl ní ar bith ann nach bhfuil acmhainn agam air mar gheall ar dhaoine tofa Dé, ionas go bhfaighe siadsan seilbh freisin ar an slánú a ghabhas le síoraíocht na glóire in Íosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Uime sin iomchruim na huile neither ar son na druinge atá ar na dtogha, chuni an tslánaighthe atá a Niósa Críosd do ghnódhughadh dhóibhsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidh siad sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Dá chionn sin cuirimse suas le gach sórt ar mhaithe leis an muintir thofa le hionchas go mbainfidís sin amach chomh maith an slánú agus an ghlóir shíoraí i gCríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:10
29 Tagairtí Cros  

Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin.


Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.


Agus cuirfidh se a aingil amach le glaodh mór stuic, agus baileochaidh siad a fhiréin ó na ceithre gaothaibh, ó imeall go h‐imeall neimhe.


Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?


Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air.


Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.


A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.


Is ortha‐san ghuidhim: ní h‐ar an saoghal ghuidhim, acht ortha‐san thugais dom; óir is leat‐sa iad:


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


chum go nochtfadh sé saidhbhreas a ghlóire do shoithighibh trócaire, d’ullmhuigh sé roimh ré, chum glóire,


Óir ó thárla, tré eagna Dé, nár aithnigh an saoghal Dia de chionn a eagnaidheachta, ba toil le Dia na daoine chreideas do shlánú tré dhíth‐céille na teachtaireachta.


Do na daoinibh atá lag do bhíos mar dhuine lag, chum go mbuaidhfinn an lucht lag: do bhíos san uile chruth do’n uile dhuine, chum go saorfainn cuid aca ar chuma ar bith.


Agus má’s buaidhirt dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta agus bhur slánuighthe é; nó má’s cómhfhorthacht dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta é, ag oibriú ionnaibh, agus sibh go foighdeach ag fulang na bpianta céadna fhulaingmid‐ne:


Agus is le fonn chaithfead‐sa mo chuid airgid, agus béidhead dom’ chaitheamh féin mar mhaithe le n‐bhur n‐anmannaibh. Dá mhéid é mo ghrádh dhaoibh, an amhlaidh an lugha‐de bhur ngrádh dhamh‐sa é?


Óir is ar bhur son‐sa atá an uile nidh, chum go dtéighidh an grása chum glóire Dé, agus é d’á mhéadú go mór de bhárr buidheachais an mhóráin mhóir.


Óir, ár gcrádh beag éadtrom, nach maireann acht tamall gearr, soláthruigheann sé dhúinn carn glóire síorraidhe atá gan chuimse;


D’á bhrigh sin iarraim oraibh gan dul i laige mar gheall ar mo phiantaibh ar bhur son: is iad bhur nglóir iad.


Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp,


d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.


Óir ní chum díbheirge do cheap Dia sinn, acht chum slánughadh d’fhágháil tré n‐ár dTighearna Íosa Críost,


Chuige sin is eadh do ghlaodh sé tré n‐ár soiscéal sibh, chum glóir ár dTighearna Íosa Críost d’fhágháil.


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


Uime sin, a mhic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.


Fulaing cruadhtan, mar dhéanfadh saighdiúir maith Íosa Críost.


Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,


sibh‐se nách raibh ’n‐bhur bpobal roimhe sin, acht atá ’n‐bhur bpobal Dé anois: sibh‐se nach bhfuair trócaire, acht go bhfuil trócaire fághalta agaibh anois.


Agus Dia an uile ghrása, do ghlaodh chum a ghlóire féin i gCríost sibh, tar a éis daoibh fulang ar feadh tamaill bhig, foirbhfidh sé sibh, neartóchaidh agus daingneochaidh sé sibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí