Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Saighdiúir i mbun a dhualgais, ní cheaduigheann sé dhó féin bheith gabhtha ag gnáthchúramaibh an tsaoghail seo, chum go mb’ fhearr thaithneochas sé leis an té do thogh mar shaighdiúir é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a théas an saighdiúir chun cogaidh, ní bhíonn sé á mheascadh féin i ngnóthaí saolta nach mbaineann leis, ach ag iarraidh an té ar liostáil sé leis a shásamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Ní chreapluighear éinneach dá leanann an cogadh ré gnothuighthibh na beathasa; ionnus go ndéanadh toil an tí do thobh é na shaighdiúr.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, dʼfhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:4
11 Tagairtí Cros  

Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta.


Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile dhúinn, is é chuirimíd rómhainn a dheaghthoil do dhéanamh.


Is chum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaidh go daingean, mar sin, gan bheith ceangailte arís fá chuing na daoirse.


acht, fá mar mheas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is amhlaidh labhraimíd d’á réir sin; ní mar bhéimís d’iarraidh daoine do shásamh, acht Dia go‐ghní teastas ar ár gcroidheachaibh.


óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí