Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 2:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus an féar théigheas ag iomaidheacht ins na cleasaibh lútha, ní tugtar an choróin dó muna ndearna sé an iomaidheacht do réir na riaghlach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ní bhaineann lúthchleasaí an chraobh mura ndéanann sé an choimhlint de réir na rialacha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus fós má ní áoinneach sbáirn fo mhaighisdreachdaibh, ní curthar coróin air, muna ndearna sé sbáirn go dlisdionach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Má bhíonn fear ag iomaíocht sna lúthchleasa, ní bhfaighidh sé an duais mura gcloíonn sé leis na rialacha san iomaíocht.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:5
14 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé leo, Déanaidh dícheall ar dhul isteach an doras cumhang: óir adeirim libh gur ab iomdha duine bhéas ag iarraidh dul isteach, agus ní éireochaidh leo.


Is fíor go bhfuil dream ann sheanmóruigheas Críost tré fhormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ghní ó dheagh‐thoil é;


Chuige sin is eadh atáim ag obair ar mo dhícheall, ag spairn do réir a chumair oibrigheas go cumhachtach ionnam.


Níor sheasuigh sibh fós go doirteadh fola, ag cur i n‐aghaidh an pheacaidh:


Do rinnis níb’ ísle ’ná na h‐aingle é, ar feadh tamaill bhig; Do chuiris coróin glóire agus onóra air, Agus do chuiris os cionn oibreach do lámh é


Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.


Is aoibhinn do’n té sheasuigheas cathuighthe go foighdeach: óir tar éis a fhrómhtha gheobhaidh sé coróin na beathadh, atá geallta ag an Tighearna do na daoinibh ghrádhuigheas é.


Agus nuair foillseochar an tÁrd‐Aodhaire, gheobhaidh sibh coróin na glóire nach dtéigheann i n‐éag.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot.


tuiteann an ceathrar seanóir agus fiche síos os cómhair na té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus adhrann siad an té mhaireas go saoghal na saoghal, agus caitheann siad a gcoróineacha síos os cómhair na righ‐chathaoireach,


Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí