Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 go bhfuilim ag fulang ar a shon i gcuibhreachaibh amhail cuirptheoir, acht ní fhuil briathar Dé fá chuibhreachaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 an soiscéal a bhfuil mise ag fulaingt ar a short agus mé ag caitheamh geimhle mar choirpeach. Ach ní fhéadtar briathar Dé a cheangal le geimhle.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ar son a bhfuilim ag fúlang uilc, go géibheannuibh, mar fhear drochgníomha; gidheadh ní bhfuil bríathar Dé ceanguilte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáim-se ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:9
22 Tagairtí Cros  

Agus do bhí beirt eile, cuirpthigh, do seoladh i n‐éinfheacht leis chum go gcuirfidhe chum báis iad.


Annsin do dhruid an t‐árdchaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduigh sé a cheangail le dhá shlabhradh; agus d’fhiafruigh sé cia arbh é, agus créad do bhí déanta aige.


ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag múineadh le dánacht na neithe bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Ar an adhbhar sin, mise Pól, príosúnach Íosa Críost ar bhur son‐sa,


acht is amhlaidh fhógras an aicme eile Críost ó mhian aighnis, ní le h‐ionnracas é, ag súil le tuilleadh anró do thabhairt dom im’ chuibhreachaibh.


óir is ceart dom bheith ar an intinn sin ’n‐bhur dtaobh uile, de bhrigh go bhfuil sibh im’ chroidhe agam, óir im’ chuibhreachaibh, agus ag pléidhe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á dhaingniú, atá sibh uile rannpháirteach i ngrása liom.


Mo bheannacht uaim‐se Pól, lem’ láimh féin. Cuimhnighidh ar mo chuibhreachaibh. Grása go raibh libh.


le breith buidheachais; ag guidhe orainne ar an am céadna, go bhfosclóchaidh Dia doras do’n bhriathar dúinn, chum rúindiamhair Chríost, go bhfuilim‐se i gcuibhreachaibh ar a son, d’innsin;


Óir is uaibh‐se do leath briathar an Tighearna go glórach, ní h‐é amháin san Maiceadóin agus i nAcháia, acht is amhlaidh do leathnuigh clú bhur gcreidimh i nDia i ngach áit; ar mhodh nach gábhadh dhúinne labhairt ’n‐a thaobh.


I ndeireadh scéil, a bhráithre, guidhidh orainne, chum go leathaidh briathar an Tighearna, agus go nglóirightear é, mar tá d’á dhéanamh agaibh‐se;


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.


Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh;


D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;


Fulaing cruadhtan, mar dhéanfadh saighdiúir maith Íosa Críost.


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.


mar dhaoine do cuireadh uaidh chum díoghaltas d’agairt ar lucht déanta an uilc, agus chum meisneach do thabhairt do lucht na ndeigh‐ghníomh.


acht a dhéanamh go ciúin, ómósach, agus coinsias maith bheith agaibh; ionnas, nuair labhartar ’n‐bhur n‐aghaidh, go gcuirfear náire ortha‐san mhasluigheas bhur ndeaghiomchar i gCríost.


Acht ná fulaingeadh aon duine agaibh mar dhúnmharbhthóir, ná mar ghadaidhe, ná mar bhitheamhnach, ná mar spíodóir i ngnóthaibh daoine eile:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí