Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 2:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 má bhímid buanseasmhach, beidh an réim ríochta againn leis freisin; má dhiúltaímid dó, diúltóidh sé dúinn freisin;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 2:12
29 Tagairtí Cros  

Acht an té shéanfas mé i láthair na ndaoine, séanfadsa eisean i láthair m’Athar atá ar neamh.


Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna.


Annsin do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa, Sara nglaodhfaidh an coileach, séanfair‐se mé fá thrí. Agus d’imthigh sé amach, agus do chaoi sé go géar, brónach.


’g‐a rádh, Féachaidh, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart, agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é, agus do‐bhéarfaid do na Págánachaibh é:


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo bhriathra i láthair an chinéil adhaltrannaigh pheacamhla so, budh nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair thiocfas sé i nglóir a Athar, i n‐éinfheacht leis na naomh‐ainglibh.


acht an té shéanfas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, séanfar eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé.


agus cuirim ríoghacht i n‐áirithe dhaoibh, fá mar chuir m’Athair i n‐áirithe dhamh‐sa,


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Óir má’s tré chionnta an aon duine amháin tháinig réimeas an bháis thrid an aon duine amháin; is mó ’ná sin go mór bhéas réimeas na beathadh thríd an aon duine amháin aca‐san do‐gheibheas leor‐ghrása líonmhar agus tabhartas na fíréantachta tríd an aon duine amháin, Íosa Críost.


is oidhrí sinn, leis, agus is cómh‐oidhrí le Críost sinn: má’s fíor go bhfulaingmíd i n‐éinfheacht leis, chum go mbéimís páirteach leis ’n‐a ghlóir.


gan aon eagla bheith oraibh roimh an dream chuireas ’n‐bhur gcoinnibh: rud atá mar chómhartha cinnte a mbasctha dhóibh‐sean, acht atá mar chómhartha slánuighthe dhaoibh‐se, agus sin ó Dhia;


Acht muna ndéanaidh duine soláthar d’á mhuinntir féin, d’á líon tighe féin, go h‐áirithe, atá an creideamh tréigthe aige,


Óir atá daoine áirithe do shleamhnuigh isteach ós íseal, daoine do réamh‐órduigheadh fad ó chum na daoir‐bhreithe seo, daoine neimh‐dhiadha atá ag tionntodh grása ár nDé go colnaidheacht, agus atá ag séanadh Íosa Críost, ár n‐aon Mháighistir agus ár n‐aon Tighearna amháin.


agus do rinne ríoghacht dínn, chum bheith ’n‐ár sagartaibh do Dhia a Athair; dó‐san go raibh an ghlóir agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.


Mise Eoin, bhur mbráthair agus bhur gcómhpháirtidhe san anró, agus san ríoghacht, agus san bhfad‐fhulang atá i hÍosa, do bhíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathair Dé, agus ar son fiadhnaise Íosa.


Is eol dom t’áit chómhnuighthe, mar a bhfuil righ‐chathaoir Shátain: agus greamuigheann tú dem’ ainm‐se, agus níor shéanais mo chreideamh i laethibh Antipais féin, m’fhiadhnaidhe dílis do marbhadh ’n‐bhur measc, san áit ’n‐a bhfuil Sátan ’n‐a chómhnaidhe.


Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.


Is beannuighthe, naomhtha iad‐san go bhfuil páirt aca san gcéad aiséirghe: ní fhuil cumhacht ar bith ag an dara bás ortha; acht béidh siad ’n‐a sagartaibh do Dhia agus do Chríost, agus riaghlóchaidh siad i n‐éinfheacht leis ar feadh míle bliadhan.


De bhrigh gur choimheádais briathar m’fhad‐fhulaing, cumhdóchad‐sa thú ar uair an chathuighthe atá le teacht ar an saoghal uile, chum a maireann ar talamh d’fhromhadh.


An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean.


Is eol dom t’oibreacha (féach, atá doras foscailte curtha agam rómhat, agus ní fhéadann aoinneach a dhúnadh), de bhrigh go bhfuil beagán cumhachta agat, agus gur choimheádais mo bhriathar, agus nár shéanais m’ainm.


agus go ndearnais ríoghacht agus sagairt le h‐aghaidh ár nDé dhíobh; agus riaghlóchaidh siad ar talamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí