Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 24 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Iosua agus oireachduis Israel a ccomhdhail ré cheile. 29 Bás Iosua. 32 adhlacadh chnámha Ioseph. 33 Déug Eleasar.

1 Agus do chruinnigh Iosua treabha Israel uile go Sechem, agus do ghoir ar shinnsioruibh Israel, agus ar a gceannuibh, agus ar a mbreitheamhnuibh, agus ar a noitigeachaibh; agus do thaisbéanadar íad féin a lathair Dé.

2 Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIGHEARNA Día Israel, Do áitreabhadar bhur naithreacha don taóibh oile don tuile annsa tseanaimsir, eadhon Terah, athair Abraham, agus athair Nachor: agus do adhradar dée oile.

3 Agus do thóg misi bhur nathair Abraham don taóibh oile don tuile, agus do thréoruigh mé tré thír Chanaain uile é, agus do mhéaduigh mé a shliochd, agus thug mé Isaac dhó.

4 Agus thug mé Disaac, Iacob agus Esau: agus thug mé do Esau sliabh Seir, re shealbhúghadh; achd do chuáidh Iácob agus a chlann síos don Négipt.

5 Do chuir mé Maóise fos agus Aáron, agus do chuir mé pláigh ar an Négipt, do réir na neithe do chuir misi na measc: agus na dhiáigh sin thug mé sibhse amach.

6 Agus thug mé bhur naithre as an Négipt: agus tangabhairsi gus an nfhairge; agus do leanadar na Hégiptigh a ndiáigh bhur naithreadh lé carbaduibh agus le marcshlúagh go nuige an mhuir Ruáidh.

7 Agus a núair déighmheadar ar an TTIGHEARNA, do chuir sé dorchadas eadruibhsi agus na Hégiptigh, agus thug sé a nfairge ar a muinsion, agus do mhúch se íad; agus do choncadar bhur súile íad do rinne me san Egipt: agus do chomhnuigheabhairsi an sa bhfásach aimsir fhada.

8 Agus thug mé go crích na Namoríteach sibh, noch do áitribh an táobh oile do Iordan; agus do throidedar ribh: agus thug misi an bhur láimh íad, go bhféadadh sibh a ndúithche do shealbhughadh; agus do scrios mé romhuibhsi íad.

9 Annsin déirigh Bálac mhac Sippor, rígh Mhoab, agus do chathuidh sé a naghaidh Israel, agus do chuir fios agus do ghoir Bálaam mac Beor da bhur mallughadh:

10 Ach níor éist misi re, Bálaam; uimesin do bheannuigh sé sibh a gcomhnuidhe: mar sin do sháor mé sibhsi ás a láimh.

11 Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.

12 Agus do chuir mé an ceárnabhan romhuibh, noch do thiomáin, amach romhuibh íad, dhá rígh na Namoríteach; gidheadh ní led chloidheamhsa, nó led bhogha.

13 Agus thug mé dúithche dhaóibh ar son nach ndéarnabhair sáothar, agus caithreacha nach sibh féin do chuir súas, agus áitreabhthaoi ionta; do na lubhghortuibh fíneamhna agus ola nach sibh féin do phlannduigh a seadh ithí.

14 Annois ar a nadhbharsin bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, agus foghnaidh dhó a ngloine agus a bhfírinne: agus cuiridh uáibh na dée dar ghéilleadar bhur naithre don taóibh oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuidh serbhís don TIGHEARNA.

15 Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.

16 Agus do fhreagradar an pobal agus a dubhradar, Nar léigidh Día go ttréigfemisne an TIGHEARNA, dfoghnamh do dhéeibh eile;

17 Oír sé ar TIGHEARNA Día thug súas sinn, agus ar naithre as crích na Hégipte, ó thigh na daóirsi, agus noch do rinne na comharthuidhe móra sin ann gach uile shlighe a ndeachamar, agus a measc gach uile phobal tré ar ghabhamar:

18 Agus do chuir an TIGHEARNA amach romhuinn na daóine uile, eadhon na Hamorítigh do áitreabh annsa dúithche: uimesin mar an gcéadna foigheonuimne don TIGHEARNA; óir isé ar Ndía é.

19 Agus a dubhairt Iosua rís an bpobal, Ní fhéadthaoi foghnamh don TIGHEARNA: óir is Día náomhtha é; is Día éudmhar é; ní mhaithfidh sé bhur ccionta no bhur bpeácuidh dhaóibh.

20 Má thréigthi an TIGHEARNA, agus dée coimhidhtheach dadhradh, annsin imeochtha seision agus do dhéana sé dochar dhaóibh, agus díobháighfidh sé sibh, tar éis a ndeárna sé do mhaith dhibh.

21 Agus a dubhairt an pobal re Iosua, Ní headh; achd foigheonam don TIGHEARNA.

22 Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal, Is fiadhnuise sibh féin bhur naghaidh féin, gur thoghbhair an TIGHEARNA dhíbh, do dhéanumh seirbhíse dhó. Agus a dubhradarsan, Is fiadhnuisi sinn.

23 Annois uimesin, ar seision, cuiridh uáibh na dée coimhidhtheacha atá eadruibh, agus iompoíghidh bhur gcroidhe chum an TIGHEARNA Día Israel.

24 Agus a dubhairt an pobal ré Iosua, Ar TTIGHEARNA Día isé adhrum, agus dá ghuth uimhleocham.

25 Marsin do rinne Iosua cunnradh ris an bpobal an lásin, agus do chuir síos statúid agus órdughadh dhóibh a Sechem.

26 ¶ Agus do scríobh Iosua na briathraso a leabhar dhlighe Dé, agus do thóg cloch mhór, agus do chuir na seasamh annsin í faói dharuigh, do bhí láimh ré sanctora an TIGHEARNA.

27 Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal uile, Féachuidh, biáidh an chlochso mar fhiadhnuisi aguinn; óir do chúala sí bríathra an TIGHEARNA uile noch do labhair sé rinne: biáidh sí ann sin mar fhiadhnuisi oruibhsi, deagla go séanfadh sibh bhur Ndía.

28 Mar sin do léig Iosua don phobal imtheachd, gach éanduine dhá oighreachd féin.

29 ¶ Agus tárla an diaigh na neitheannsa, gur éug Iosua mhac Nun, óglach an TIGHEARNA, ar mbeith dhó céud agus deich mbliadhna daóis.

30 Agus do aidhlaiceadar é a ttéoruinn a oighreachda féin a Ttimnat‐serah, noch atá a slíabh Ephraim, ar an ttáobh thuaigh do chnoc Gaas.

31 Agus do rinne Israel serbhís don TIGHEARNA ar feadh láetheadh Iosua, agus uile láethe na sinnsior do mhair a ndiaigh Iosua, agus agá raibh fios uile oibreach an TIGHEARNA, noch do rinne sé ar son Israel.

32 ¶ Agus cnámha Ióseph, noch do thugadar clann Israel súas as an Négipt, do adhlaiceadar íad a Sechem, an sa bpíosa fearainn do cheannuigh Iacob ó mhacuibh Hámor athair Shechem ar chéad píosa airgid: agus tháinic na oíghreachd chum cloinne Ioseph.

33 ¶ Agus déug Eleásar mhac Aaron; agus do adhlaiceadar é a ccnoc do bhean ré Phínehas a mhac, noch tugadh dhó a sliabh Ephraim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí