Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:11
25 Tagairtí Cros  

Na Cinetigh, agus na Cineisitigh, agus na Cadmonitígh.


Agus thug sé dhóibh fearann na gcineadhach: agus do ghabhadar sáothar na ndaoine mar oighreachd;


Do chonnairc an mhuir sin, agus do theith: diompóigh sruth Iordan, air a hais?


Cred ba ciontach leachd, ó a mhuir as ar theith tú? thusa a Iordan, as ar fhill tú ar hais?


Agus teigéomhuidh á nuair bhéurus an TIGHEARNA sibh go crích na Gcanaaníteach, agus na Hititeach, agus na Namoriteach, agus na Hibhíteach, agus na Iebusiteách, noch do mhionnuigh sé dod aithribhsi go ttiubhradh dhuit, fearann fa thuile bhainne agus mheala, go gcoimhéadfuidh tú an tserbhísi ann sa míse.


Oír rachuidh Maingeal romhad, agus do bheura a steach thu chum na Namoríteach, agus chum na Hítiteach, agus na Bperisíteach, agus na Gcananíteach, no Hibhíteach, agus na Iebusiteach: agus gearrfa mé amach íad.


Agus cuirfe me céarnabháin romhad, noch dhíbeorus amach an Hibhíteach, an Canaaníteach, agus an Hitíteach, as do lathair.


Agus cuirfe mé do thóranna ón Muir ruáidh go nuige fairge na Bhphilistineach, agus ón díothramh gus a nabhuinn; óir seachóduigh mé áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh: agus díbeóra tú amach romhad íad.


Agus a dubhairt mé, Béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteach, agus na Hitíteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusíteach; go tír do bheir tuile bhainne agus mheala.


Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.


Agus cuirfe me aingeal rómhad; agus díbeóra mé amach an Cananíteach, an Tamoríteach, an Hitíteach, an Perisíteach, an Hibhíteach, agus an Iebusíteach:


Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.


Noch do ghlacadar ar naithrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilbh na Gcíneadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach, go laéthibh Dháibhi:


Anuair do bhéura an TIGHEARNA do Dhía thú don tír a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh, agus ar tteilgean amach mhóráin cineadhach romhad, na Hititigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Cananítigh, agus na Perisítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh, seachd gcíneadhacha ba mhó ná sibhse agus ba cumhachduigh;


Agus a dubhairt Iosua, Is leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó bhur measc, agus go tteilgfe sé amach gan fhaillighe na Cananítigh, agus na Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na Perisitigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Iebusítigh.


Agus tárla, a nuáir do chuáidh an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua, dha radh,


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.


Oír do thiormuigh bhur TTIGHEARNA Día uisgidhe Iordan romhuibhsi, nó go ndeachabhair thairis, amhuil do rinne bhur TTIGHEARNA Día ris an muir Rúaidh noch do thiormuidh sé romhuinn, no go ndeachamar thairis:


Gur chruinnigheadar íad féin uile a gcionn a chéile, do throid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil amháin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí