Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ach níor éist misi re, Bálaam; uimesin do bheannuigh sé sibh a gcomhnuidhe: mar sin do sháor mé sibhsi ás a láimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Ach ní éistfinn le Balám agus is amhlaidh a bheannaigh sé sibh, agus mar sin shaor mé óna láimh sibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:10
10 Tagairtí Cros  

Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.


O mo phobal, cuimhnighidh a nois créd do chomhairligh Balac rígh Mhóab, agus cred do fhreagair Bálaam mhac Beor dhó ó Shittim go Gilgal; chor go naitheontaóise fíréantacht an TIGHEARNA.


Agus a dubhairt aingeal an TIGHEARNA ré Bálaam, Imhthigh leis na dáoinibh: achd amháin an focal a déaras misi riot, sé sin a déaras tú. Mar sin do imthigh Bálaam le prionnsuidhibh Bhálac.


Gidheadh níor eíst do THIGHEARNA Día ré Bálaam; ach do iompóigh do THIGHEARNA Día an mallughadh na bheannughadh dhuitsi, do bhrígh gur bhionmhuinn le do THIGHEARNA Día thú.


Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí