Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:24 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus a dubhairt an pobal ré Iosua, Ar TTIGHEARNA Día isé adhrum, agus dá ghuth uimhleocham.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 D'fhreagair an pobal Iósua: “Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:24
6 Tagairtí Cros  

Agus thugadar mionna don TIGHEARNA do ghuth árdmhór, agus lé gaír, agus le stocaibh, agus le coirnetibh.


Agus do fhreagradar an pobal uile a néinfheachd, agus a dubhradar, a nuile ní do labhair an TIGHEARNA do dhéanuim é. Agus do fhill Maóise bríathra an phobuil chum an TIGHEARNA.


Agus táinic Maóise agus do innis don phobal uile bhríathra an TIGHEARNA, agus á uile bhreitheamhnus; agus do fhreagradar an poball uile lé héanghuth amháin, agus a dubhradar, Na huile bhríathra noch do labhair an TIGHEARNA do dhéanaimne íad.


Agus do ghlac sé leabhar an chunnartha, agus do léigh a néisdeachd an phobuil: agus a dubhradarsan, A nuile ní a dúbhairt an TIGHEARNA, do dhéanam é, agus bíam umhal.


Mas maith, nó mas olc é, umhleocham do ghlór an TIGHEARNA ar Ndía, chum a ccuirmíd thusa; chor go mbeithior go maith aguinn, an tan uimhleocham do ghúth an TIGHEARNA ar Ndía.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí