Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iósua 24:31 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus do rinne Israel serbhís don TIGHEARNA ar feadh láetheadh Iosua, agus uile láethe na sinnsior do mhair a ndiaigh Iosua, agus agá raibh fios uile oibreach an TIGHEARNA, noch do rinne sé ar son Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

31 Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:31
13 Tagairtí Cros  

Agus do bhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe; agus do theithrigh Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur ionta sin; agus an mhéid do mhair do theitheadar fán tsliábh.


Agus do rinne Ioas an ní fa mhaith a radharc an TIGHEARNA air feadh laetheadh Iehoiada an sagart.


Agus do chuir Iosiah ar ccúl a nuile ghráineamhlachd as na huile chríochuibh do bhean re cloinn Israel, agus do thug air an méid do bhí a lathair Dísrael foghnamh, eadhon foghnamh da TTIGHEARNA Día. Agus air feadh a bheathasan níor sgaradar re leanmhuin an TIGHEARNA, Dia a naithreadh.


Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd.


¶ Agus bíodh a fhios agad aniugh: óir ní labhraim re bhur cclainn ag nach raibh a fhíos, agus nach bhfacuidh smachd an TIGHEARNA bhur Ndía, a mhórdachd, agus a lámh láidir, agus a righ sínte amach,


Ach do chonncadar bhur súilesi uile ghníomhradh móra an TIGHEARNA noch do rinne sé.


Agus go ccluinfid a cclann, ag nach raibh fios éinneil he, agus go bfoghlumuid eagla bhur TTIGHEARNA Dé do bheith orra, an fad mhairfidhe ansa dúithche mar a ttéighthí tar Iordan dá shealbhughadh.


Oír atá fhios agum tar eís mo bháis go ttrúaillfidhigh sibh féin thrid amach, agus go niompochuidhigh do leath thaoibh as a tslighe do mhúin mé dhíbh; agús tuitfidh olc oruibh an sna laéthibh deighionacha; do brígh go ndéantáoi olc a bhfiadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chuin feirge tré oibreachuibh bhur lámh.


Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh.


¶ Agus do bhádar mar an gcéadna an geinealachsin uile ar na gcruinniughadh chum a naithreach: agus déirigh sliochd eile na ndíaighsin, ag nach raibh fios an TIGHEARNA, ná fós na ngníomharthadh do rinne sé ar son Israel.


¶ Agus a núair do leig Iosua don phobal imtheachd, do chúaidh gach áon do chloinn Israel chum a oighreachd féin do shealbhughadh an nfhearuinn.


Agus do rinneadar an pobal serbhís don TIGHEARNA ar feadh shaoghail Iosuah, agus ar feadh shaoghail ná seanóireadh do bhí beó a ndiaigh Iosua, noch do chonnairc na huile oibreacha móra do rinne an TIGHEARNA, ar son Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí