Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus má chítior dhaóibh gurob olc serbhís do dhéanamh don TIGHEARNA, toghaidh féin a niugh cía haca dá ndéantaoi serbhís; an do na déeibh noch dadhair bhur naithré táobh thall don tuile nó do dhéeibh na Namoriteach, a ndúithche a bhfuiltí: ach ar mo shonsa agus ar son mo thighe, foigheonam don TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:15
22 Tagairtí Cros  

Oír is aithnidh dhamhsa é, go ttiubhra aithne dhá chloinn, agus dá theaghlach na dhiaigh, agus coimhédfuid slighe an TIGHEARNA do dhéunamh ceirt agus breitheamhnuis; ionnus go ttiubhra an TIGHEARNA air Abraham an ní sin do labhair dá thaobh.


Ann sin a dubhairt Iacob ré na mhuinntir, agus ré a raibh na fhochair uile, Cuiridh uáibh na deé coimhightheacha atá eadruibh, agus bíghí glan, agus athruighidh bhur néudnighe:


¶ Agus tháinic Elias chum an phobuil uile, agus a dubhairt sé, Cá fad bheithíse bacach idir dhá bharamhuil? má sé an TIGHEARNA as Día, leanuidh é: achd má se Baal, leanuidh é sin. Agus níor fhregair an pobal éanfhocal dó.


An Iebusiteach mar an gcéadna, agus an Tamoriteách, agus an Girgasiteach,


Tuigfe mé a slighe iomláin. Cá huáir thiocfas tú chucam? siubholad a ndíoghruis mo chroidhe a meadhón mo thighe.


Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall.


Ní leanfa tú iomad do dheanamh uilc; ní mó laibheórus tú a gcúis do chláonadh lé morán do thabhach breatheamhnuis:


Ní chromtha tú síos dá ndeéibh, ní dhéana tú seirbhís dóibh, ní mó dhéanas tú do réir a noibreach: ach scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níomhaighe.


Deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre, agus go rachadaóis do striapachus a ndiáigh a ndée sin, agus iodhbuirt do dhéanamh da ndeeíbh, agus go ngairfeadh duine thusa, agus go níosfa dá iodhbuirt;


Ar bhur sonsa, a thigh Israel, is marso a deir an Tighearna DIA, Imthighidh, foghnuidh gach uile dhuine agaibh dá iodhaluibh féin, agus na dhiáighsin mar án ccéadna, muna néistighe riomsa: acht ná truáillidhe mainm náomhtha ní as mó lé bhur mbrontuibh, agus le bhur niodhaluibh.


Acht muna ndéarna, bíodh a fhios agadsa, a rígh, nach déanam seirbhis dot dhéeibhsi, ní mó aidheoram a niomháigh órdha do chuir tú súas.


Agus glacfuidh clocha eile, agus cuirfidh a náit na gclochsin íad; agus glacfuídh moirtéul eile, agus pláistreochuidh an tigh.


Oír siubholuidh a nuile phobal gach uile dhuine dhíobh a nainm a dhé, agus siubholuimne a nainm an TIGHEARNA ar Ndía go sáoghal na sáoghal.


Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.


Do na deéibh bhías ag na daóinibh gacha taoibh dhíot, a bhfogus duit, nó a bhfad uáit, eadhon ó cheann go cheile don domhan;


Deagla go mbíath bhur measc fear, nó bean, nó muintir, nó treabh, a niompóighionn a chroidhe a niugh ór TTIGHEARNA Día, dimtheachd agus do fhriotholamh do dhéeibh na ccineadhachso; deagla go mbíath bhur measc fréamh do bhéaradh uadh domlus agus mormónta;


Agus do fhreagradar an pobal agus a dubhradar, Nar léigidh Día go ttréigfemisne an TIGHEARNA, dfoghnamh do dhéeibh eile;


Agus a dubhairt mé ribh, Is misi bhur TTIGHEARNA Día; ná biodh eagla deé na Namoríteach oruibh, aga bhtuiltí bhur ccomhnuighe iona ndúithche: ach níor umhluigheabhair dom ghlór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí