Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:27 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus a dubhairt Iosua ris an bpobal uile, Féachuidh, biáidh an chlochso mar fhiadhnuisi aguinn; óir do chúala sí bríathra an TIGHEARNA uile noch do labhair sé rinne: biáidh sí ann sin mar fhiadhnuisi oruibhsi, deagla go séanfadh sibh bhur Ndía.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: “Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n‑aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n‑aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:27
23 Tagairtí Cros  

Oír dob uáthbhás damhsa dioghaltas ó Dhía, agus do bhrígh a áirde níor fhéud mé a fhulang.


Dob éigceart so mar an gcéadna ré dhioghailt don bhreithiomh: óir do shéanfuinn an Día atá shúas.


Deagla go mbéinn lán, agus go séunfuinn thú, agus go naibeoruinn, Cía hé an TIGHEARNA? nó deagla go mbéinn bocht, agus go ngadfuinn, agus go ttiubhruinn ainm mo Dhé go díomhaóin.


Cluinidh, a fhlaitheasa, agus tabhair áisdeachd, a thaluimh: óir do labhair an TIGHEARNA, Do oil mé agus thúg mé suas clann, agus do chathuigheadar am aghaidh.


A sárughadh agus a mbréagaibh a naghaidh an TIGHEARNA, agus a nimtheachd ar siubhal ó ar Ndía, ag labhairt leathtruim agus easumhla, ag tionnscnamh agus ag labhairt ó chroidhe bríathra bréagacha.


Oír comhaircfidh an chloch as an mballa, agus freigeoruidh an tsail as a nadhmad í.


Achd an feadh míosa iomláine, nó go ttí sé amach ar bhur srónphollairibh, agus go raibh glonnmhar aguibh: do chionn gur tharcuisnigh sibh an TIGHEARNA noch atá bhar measc, agus gur guileabhair dá lathair, gá rádh, Créad as a ttangamar amach as a Négipt?


Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.


Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.


Gairim neamh agus talumh a niugh dfiaghnuisi bhur nághuidh, gur fhoillsigh mé as bhur gcoinne, beatha agus bás, beannughadh agus mallughadh: uimesin beir beatha do roghuin, ionnas go mairfe tú féin agus do shliochd:


Annois ar a nadhbharsin scríobhuidhsi an dánso dhíbh féin, agus múinidh do chloinn Israel é: cuiridh ann bhur mbhéuluibh é, chor go mbiáidh an dánsa na fhiadhnuisi agumsa a naghuidh chloinne Israel.


Agus tiucfa a gcrích, a nuair thuitfios iomadh uilc agus bhuáidhridh orra, go mbéuruidh an dánsa fiadhnuisi na naghaidh; óir ní dhearmodthar é as béuluibh a sleachda: óir is aithnidh dhamhsa a smuaintighe thionnsgnuid síad, a nois féin, suil do bhéara mé a steach íad don tír do mhionnuigh mé dhóibh.


Glac an leabharso an dlighe, agus cuir a ttaobh airc chunartha do THIGHEARNA Dé e, chor go mbiáidh sé ansin mar fhíadhunisi ad aghuidh.


Tugaidh éisdeachd, O a fhlaithesa, agus laibheóra misi; agus éist, O a thaluimh, bríathra mo bhéil.


Goirimsi neamh agus talumh dfiaghnuisi bhur naghuidh a niugh, go sgriosfuíghear sibh go haithghearr thríd amach as an ndúthaigh ann a bhfuilti ag dul anonn tar Iordan dhá shealbhughadh; ní fhaideochthéoi bhur laéthe uirre, achd sgriosfuighear sibh go huilidhe.


Admhuighid síad eólas do bheith aca air Dhía; gidheadh séunuid a ngníomharthuibh é, ar mbeith dhóibh adhfhúathmhar, easúmhal, agus mearuighthe a dtáobh gach uile dhéaghoibbre.


Agus do ghoireadar clann Reuben agus clann Ghad Ed don naltóir: oir biáidhsi mar fhiadhnuisi éadruinn gur bé an TIGHEARNA as Día ann.


Mar sin do léig Iosua don phobal imtheachd, gach éanduine dhá oighreachd féin.


As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.


Ann sin do thóg Samuel cloch, agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus Shen, agus do ghoir Eben‐eser dainm dhi, gha rádh, Go nuige so do chuidigh an TIGHEARNA sinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí