Iósua 24:20 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)20 Má thréigthi an TIGHEARNA, agus dée coimhidhtheach dadhradh, annsin imeochtha seision agus do dhéana sé dochar dhaóibh, agus díobháighfidh sé sibh, tar éis a ndeárna sé do mhaith dhibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198120 Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.” Féach an chaibidil |
¶ Agus thusa, a Sholuimh a mhic, biodh fios Dé hathar agad, agus deana serbhis dó le croidhe iomlán agus lé toil aontadhuigh: óir spíonuidh an TIGHEARNA na huile chroidhthe, agus tuigidh sé na huile bhreathnuighthe na smuaintigheadh: ma íarrann tú é, do gheabha tú é; acht má thréigionn tú é, teílgfidh sé úadh thú go bráth.
Oír do bhí náire orum buidhe an sheighdiúr agus mharcshlúagh díarruigh air an rígh do chungnamh linn a naghaidh ná námhad annsa tslighe: do bhrígh gur labhramar ris an rígh, dhá rádh, Atá lámh ar Ndé chum maitheasa leis an mhéid íarrus é; acht bí a chumhacht agus a fhearg a naghaidh gach áoin dá ttréigionn é.
¶ Acht an tan fhillios an fíréun ó na fhíréuntacht, agus do ní éigceart, do réir na nuile ghraineamhlacht noch do ní an droch dhuine, an mairfidh sé sin? Ní luáighfíghear a uile fhíréantacht dá ndéarna sé: iona shárughadh ar sháruigh sé, agus iona pheacadh ar pheacaidh sé, do gheabha sé bás ionta sin.