Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:32 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 ¶ Agus cnámha Ióseph, noch do thugadar clann Israel súas as an Négipt, do adhlaiceadar íad a Sechem, an sa bpíosa fearainn do cheannuigh Iacob ó mhacuibh Hámor athair Shechem ar chéad píosa airgid: agus tháinic na oíghreachd chum cloinne Ioseph.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:32
9 Tagairtí Cros  

Agus do cheannuigh sé cuid do mhachaire, áit ar leathnuigh sé a phubail, as láimh chloinne Hámor, athair Shechem ar chéad píosa airgid.


Tuilleadh eile, tug me dhuitsi cuid ronna ós cionn do dhearbhráithreach, noch do bhean mé amach as láimh a Namoritigh leam chloidheamh, agus léam bhogha.


¶ Agus do ráidh Ióseph ré na dhearbhráithribh, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruibhsi go déimhin, agus béura sé as an ttírsi sibh, gus an ttír do mhionnuigh sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.


Agus tug Ióseph mionna ar chloinn Israel, ag rádh, Féachfuidh Día oribh go deimhin, agus beurthaói mo chnámhasa súas as so.


Agus rug Maóisi cnámha Ióseph leis: óir tug sé mionna ar chloinn Israel ag radh, Tiucfa Día go deimhin dá bhur bhfiosrughadh; agus béurtháoi mo chnámhasa as so libh.


Ar a nadhbharsin thaínig sé go cathair Shamária, dá ngoirthear Sichar, láimh ris an bhfearann tug Iácob dha mhac fein Ioseph.


Agus do chuáidh Iácob síos don Eigipt, agus fuair sé féin, agus ar naithreacha bás,


Agus do hathruigheadh íad go Síchem, agus do chuireadh íad ann sa túama do cheannaidh Abraham ar a lúach airgid ó chloinn Emmor Athair Sícheim.


As tré chreideamh, do chuir Ióseph a gcoimhne, ag fagháil bháis dó imtheachd chloinne Isráel as a Néigipt; agus tug sé áithne a dtimchioll a chnámh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí