Iósua 15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XV. Crannchar chloinne Iudah. 16 An fearann do fuair Otniel le Achsa inghean Chaleb. 1 Ach do bhí crannchar threibhe chloinne Iúdah do réir a muintear; air fad go himiol Edom fásach Sin air a ttáobh ó dheas do bé an foirimiol é don taobh ó dheas. 2 Agus do budh í a ttéora dheas ó thráigh na fairge sailte, ón chúan fhéachus a ttáobh ó dheas: 3 Agus do chuáidh amach don taóibh ó dheas go Maaleh‐acrabbim, agus ráinic ar fad go Sin, agus do chúaidh súas don taóibh ó dheas go Cades‐barneá, agus ráinic ar fad go Hesron, agus do chúaidh súas go Hádar, agus tug timchiolladh go Carcaa: 4 As sin do chuáidh leath re Hasmon, agus do chuáidh amach go sruth na Hégipte; agus do bhádar dul amach an chósta sin ag a nfairge: budh é so bhur gcósta ó dheas. 5 Agus do budh í a nfairge shailte an téora shoir, eadhon go bárr Iordan. Agus do budh í a ttéora ansa cheathramhuin thuáigh ó chúan na fairge ag an ccuid is faide uáit do Iordan: 6 Agus do chuáidh an téora súas go Bet‐ogla, agus do chuáidh ar fad tuáisgeirt Bhet‐arabah; agus do chuáidh an teóra súas go cloich Bhohan mhic Reuben: 7 Agus do chuáidh an téora súas leath ré Debir ó ghleann Achor, agus marsin budh thuáigh, ag féachuin leath ré Gilgal, atá roimhe dhul súas go Haddummim, noch atá táobh ó dheas don tsruth: agus do chuáidh an téora leath ré huisgidhibh En‐semes, agus do bhádar a ndula amach sin ag En‐rogel. 8 Agus do chúaidh an téora súas ag gleann mhac Hinnom don taóibh ó dheas don Iebusíteach; sé sin féin Ierusalem: agus do chuáidh an téora súas go mullach an tsléibhe atá as coinne ghlinn Hinnom táobh shíar, noch atá ag éadan ghlinne na naitheach hudh thuáigh: 9 Agus do táirrngiodh an téora ó mhullach an chnuic go nuige tobar uisge Nephtoah, agus do chuáidh amach go caithreachaibh shléibhe Ephron; agus do tháirngeadh an téora go Báalah noch ar bé Ciriat‐Iarim: 10 Agus táiníc an téora timchioll ó Bhaalah táobh shíar go slíabh Seir, agus ráinic ar fad go táobh shléibhe Iearim (noch annois is Chesalon), don taóibh ó thuáigh, agus chuáidh síos go Bet‐semes, agus ráinic as sin go Timnah: 11 Agus do chuáidh an téora amach re táobh Ecron budh thuaigh: agus do táirngeadh an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíabh Baalah, agus do chúaidh amach go Iabneel; agus do bhádar a dula amach na teorann ag an bhfairge. 12 ¶ Agus do bhí an téora shíar gus na bhfairge mhóir, agus gus a cósta sin. Is é so cósta chloinne Iúdah timchioll fa gcuáirt do réir a mhuintear. 13 Agus thug sé do Cháleb mhac Iephunneh a chuid a measc chloinne Iúdah do réir aithne an TIGHEARNA do Iosua, eadhon cathair Arba athair Anac, noch ar bhí an cathair sin Hébron. 14 Agus do dhíbir Cáleb as sin triúr mac Anac, Sesai, agus Ahiman, agus Talmaí, clann Anac. 15 Agus do chuáidh sé súas as sin go dúthchusaibh Debir: agus dob é ainm Debir roimhe sin Ciriat‐sepher. 16 ¶ Agus a dúbhairt Cáleb, An té bhuailfios Círiat‐sepher, agus ghéabhus í, is do bhéara mé Achsah minghion na mnaói. 17 Agus do ghabh Otniel mhac Cenas, dearbhrathair Cháleb í: agus thug sé Achsah a inghean na mnaói dhó. 18 Agus tárla, a nuáir tháinic sí chuige, gur choir sí faói machaire díarruidh ár a hathair: agus do thuirling sí dá hassal; agus a dubhairt Cáleb ría, Cred dob áil leachd dfagháil? 19 Ann sin a dubhairt sisi, Tabhair beannachd damh; óir thug tú fearann tirm dhamh; tabhair dhamh mar an ccéadna toibreacha uisge. Agus thug sé dhi na toibreacha úachdarach, agus na toibreacha iochdarach. 20 Sí so oighreachd thréibhe chloinne Iúdah do réir a muinntear. 21 ¶ Agus na caithreacha do bfaíde amach do thréibh chloinne Iúdah leath ré costa Edom táobh ó dheas do bíad Cabseel, agus Eder, agus Iagur, 22 Agus Cínah, agus Dimónah, agus Adadah, 23 Agus Cedes, agus Háror, agus Ithnan, 24 Siph, agus Telem, agus Bealot, 25 Agus Hasor, Hadattah, agus Ceriot, agus Hesron, noch ar bé Hásor, 26 Amán, agus Séma, agus Moladah, 27 Agus Hasar‐gaddah, agus Hesmon, agus Bit‐palet, 28 Agus Hasar‐súal, agus Beer‐séba, agus Besiotiah, 29 Balah, agus Iím, agus Asem, 30 Agus Eltolad, agus Chesil, agus Hormah, 31 Agus Siclag, agus Madmannah, agus Sansannah, 32 Agus Lebaot, agus Silhim, agus Ain, agus Rimmon: na caithreacha uile, fichthe agus a naoi, gun a mbailtibh: 33 Agus annsa ghleann, Estaol, agus Sorean, agus Asnah, 34 Agus Sanoah, agus Engannim, Tapuah, agus Enam, 35 Iarmut, agus Adullam, Socoh, agus Asecah, 36 Agus Saraim, agus Aditaim, agus Géderah, agus Gederotaim; ceithre caithreacha déug gun a mbailtibh: 37 Senan, agus Hadásah, agus Migdalgad, 38 Agus Dilean, agus Mispeh, agus Iocteel, 39 Lachis, agus Boscat, agus Eglon, 40 Agus Cabbon, Lahmam, agus Citlis, 41 Agus Gederot, Bet‐dagon, agus Nanmat, agus Macedah; sé caithreacha déag gun a mbailtibh: 42 Lebnah, agus Eter, agus Asan, 43 Agus Iiphta, agus Asnah, agus Nesibh, 44 Agus Ceilah, agus Achsib, agus Maresah; naoi gcaithreacha gun a mbailtibh: 45 Ecron, gun a bhailtibh, agus a ghráganuibh: 46 O Ecron ar fad go nuige a nfhairge, an mhéid do bhí a bhfogus Asdod, gun a mbailtibh: 47 Asdod gun a bailtibh, agus gun a gráganuibh, Gása gun a bailtibh, agus gun a grágannuibh, go sruth na Hegipte, agus a nfairge mhór, agus a téora: 48 Agus ánnsna sléibhtibh, Samir, agus Iatir, agus Socoh, 49 Agus Dannah, agus Ciriat‐sannah, noch ar bé Débir, 50 Agus Anab, agus Estemoh, agus Anim, 51 Agus Gossen, agus Holon, agus Giloh; éanchathair déag gun a mbailtibh: 52 Arab, agus Dumah, agus Eschean, 53 Agus Ianum, agus Bet‐tappuah, agus Aphecah, 54 Agus Humtah, agus Círiat‐arba (noch ar bé Hébron,) agus Sior; naói gcaithreacha gun a mbailtibh: 55 Maon, Carmel, agus Siph, agus Iutah, 56 Agus Iesreel, agus Iocdeam, agus Sanoah, 57 Cáin, Gibeah, agus Timnah; deich ccaithreacha gun a mbailtibh: 58 Halhúl, Bet‐sur, agus Gédor, 59 Agus Maarat, agus Betanot, agus Eltecon; sé caithreacha gun a mbailtibh: 60 Círiat‐baal, noch ar bhé sin Círiatiearim, agus Rabbah; dhá chathruigh gun a mbailtibh: 61 Ann sa bhfásach, Betarabah, Middin, agus Secacah, 62 Agus Nibsan, agus cathair an Tsalninn, agus Engedi; sé caithreacha gun a mbailtibh. 63 ¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society