Marsin do chuáidh Ahab súas dithe agus dól. Agus do chuáidh Elias súas go mullach Carmel; agus do theilg sé é féin síos ar an ttalumh, agus do chuir a aghaidh eidir a ghlúinibh.
Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díothramh, agus do thocuil sé mórán tobar: óir do bhí iomarcuidh áirnéise aige, san tír íochdaruigh aráon, agus annsna réitibh: luchd tigheaduis mar an ccéadna, agus luchd déanta fíneamhna annsna sléibhtibh, agus ann Carmel: óir dob ionmhuin leis tigheadhus.
Bláthochuidh sé go líonmhar, gáirdeochuidh sé fós lé lúathgháir agus le céol: do bhéarthar glóir Lebanon dó, oirdhearcus Charmel, agus Sháron, do chífid síad glóir an TIGHEARNA, agus oirdhearcus ar Ndénne.
¶ Agus a núair do éirigh Samuel go moch do theagmháil re Saul ar maidin, do hinnseadh do Shamuel, ghá rádh, Thainic Saul go Carmel, agus, féuch, do chuir sé súas áit dhó féín, achd do chas sé timchioll, agus do ghluais roimhe síos go Gilgal.
Agus déirgheadarsan, agus do chúadar go Siph roimhe Shaul: achd do bhí Dáibhi agus a mhuinntir a bhfásach Máon, annsa réiteach taóibh ó dheas do Iesimon.
Do chuáidh Saul fós agus a mhuinntir dá íarruidh. Agus dinnsiodar sin do Dháibhi: uime sin do chuáidh sé síos a ccarruig, agus do chomhnuigh a bhfásach Maon. Agus a nuáir do chúalaidh Saul sin, do lean sé a ndiáigh Dhaibhi go fásach Maon.
¶ Agus do bhí duine a Maon, ga raibh a mháoin a Gcarmel; agus do bhí an duine ro mhór, agus do bhádar trí mhíle cáora aige, agus míle gabhar: agus do bhí ag bearradh a cháorach a Gcarmel.
Agus anois do chúala mé go bhfuilid luchd beárrtha caórach agad: a nois ní dheárnamairne dochar do na háodhairibh, noch do bhí eadruinn, agus ní mó do chailleadar éainní ar feadh na haimsiresi do bhádar a Gcarmel.