Agus do rinne Dáibhi comhnuigh san bhfásach a ndaingneachaibh laídre, agus dfan sé ar shlíabh a bhfásach Siph. Agus do bhí Saul dá íarruidh gach éanlá, achd ní thúg Día iona láimh é.
¶ Ann sin tangadar na Siphítigh súas go Saul go Gibeáh, ghá rádh, Nach bhfuil Dáibhi aguinne dhá fholach féin a náitíbh daingne annsa choill, a ccnoc Hachilah, noch atá don taóibh ó dheas do Iesimon?
Agus déirgheadarsan, agus do chúadar go Siph roimhe Shaul: achd do bhí Dáibhi agus a mhuinntir a bhfásach Máon, annsa réiteach taóibh ó dheas do Iesimon.