D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.
Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?
D'imíodar leo dá bhrí sin agus chuadar go Zíf roimh Shól. Idir an dá linn bhí Dáiví agus a chuid fear i bhfásach Mháón, san Arabá, laisteas de Ieisímeon.