Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus do chuáidh an téora súas leath ré Debir ó ghleann Achor, agus marsin budh thuáigh, ag féachuin leath ré Gilgal, atá roimhe dhul súas go Haddummim, noch atá táobh ó dheas don tsruth: agus do chuáidh an téora leath ré huisgidhibh En‐semes, agus do bhádar a ndula amach sin ag En‐rogel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Chuaigh an teorainn suas go Deibír ó Ghleann Ácór agus ó thuaidh i dtreo an fháinne cloch os comhair Bhealach Adumaím atá ar an taobh theas den ghleann; ghabh an teorainn ar aghaidh go huiscí Éan Seimis, agus stad ag Éan Rogael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:7
13 Tagairtí Cros  

Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor bháill leó a bhfaicsin ag teachd don chathruigh): agus do chuáidh cailin agus dinnis sí scéula dhóibh; agus do chuadarsan agus dinnisiodar do Dháibhi rígh é.


Agus do mharbh Adoniiah caóirigh agus daimh agus áirnéís mhéith láimh re cloich Sohelet, noch atá láimh ré Henrogel, agus thug sé cuireadh dhá dhearbhraithribh uile mic an rígh, agus do mhuinntir Iúdah uile searbhfhoghantuighidh an righ:


Agus biáidh Saron na mháinnrigh thréud, agus gleann Achor na áit airgheach do luidhe sios ann, ar son mo phobail noch díarr mé.


Oir do rinne a mathair meirdreachus: an bhean do ghein íadsan do rinne sí ní gráineamhuil: óir a dubhairt sí, Leanfa mé a ndiáigh máosgrádh, do bheir dhamh marán agus muisge, molann agus mo lion, mola agus mo dheoch.


Agus do fhill Iosua, agus Israel uile maille ris, don champa go Gilgal.


Agus do chuáidh sé súas as sin go dúthchusaibh Debir: agus dob é ainm Debir roimhe sin Ciriat‐sepher.


Agus do chuáidh an téora súas go Bet‐ogla, agus do chuáidh ar fad tuáisgeirt Bhet‐arabah; agus do chuáidh an teóra súas go cloich Bhohan mhic Reuben:


Agus do bhí tairngthe ón ttáoibh thuáigh, agus do chuáidh amach go Hensemes, agus do chuáidh amach leath ré Gelilot, noch atá as coinne dhula súas Adúmmim, agus do chuáidh síos go cloich Bhohan mhic Reuben,


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.


¶ Agus dó ghlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Achan mhac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadach, agus an barra óir, agus a mhic, agus a inghiona, agus a dhaimh, agus a assail, agus a cháoirigh, agus a lóistín, agus a raibh aige uile: agus tugadar go gleann Achor iad.


Agus do thogbhadar leachda mór cloch ós a chionn gus a niugh. Mar sin do fhill an TIGHEARNA ó fhíoch a fheirge. Uime sin, do goireadh, Gleann Achor dainm don náitsin gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí