Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do chúaidh an téora súas ag gleann mhac Hinnom don taóibh ó dheas don Iebusíteach; sé sin féin Ierusalem: agus do chuáidh an téora súas go mullach an tsléibhe atá as coinne ghlinn Hinnom táobh shíar, noch atá ag éadan ghlinne na naitheach hudh thuáigh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:8
17 Tagairtí Cros  

Achd a núair tangadar na Philistinigh agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


¶ Agus do chúadar na Philistinigh súas fós a rís, agus do leathnuigheadar íad féin a ngleann Rephaim.


Agus do thruáilligh sé Tophet, noch atá a ngleann chloinne Hinnom, iondus nach budh fhéidir lé héanduine a thabhairt air a mhac nó ar á inghin dhul thríd an tteine go Molech.


¶ Agus do chuáidh Dáibhi agus Israel uile go Hierusalem, sé sin Iébas; mar a rabhadar na Iebusitigh, dúthchusaigh na tiré.


Tuilleamh oile do rinne sé íodhbairt a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg sé a chlann annsa teine, do réir ghráineamhlachd na ngeinteadh noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.


Sanoah, Adullam, agus iona mbailtibh, a Lachis, agus iona machairibh sin, ann Asecah, agus iona baíltibh. Agus do áitigheadar ó Bheerseba go gleann Hinnom.


Agus is amhluidh bhías a nuáir chruinneochus fear a nfoghmhair an tarbhar, agus bheanfas sé na déusa le na láimh; agus biáidh sé amhuil an té chruinnighios déasa a ngleann Rephaim.


Annsin tháinic Ieremiah ó Thophet, mar ar chuir an TIGHEARNA é dfaigheadóireacht; agus do sheas sé a ccúirt thighe an TIGHEARNA; agus a dúbhairt sé ris an bpóbal uile,


Agus imthigh amach go gleann mhic Hinnom, noch atá aig dul a steach an gheata shoir? agus fúagair annsin na bríathra inneosas misi dhuit;


Ar a nadhbharsin, féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, nach goirfighear Tophet do náitsi ní sa mhó, nó Gleann mhic Hinnom, achd Gleann a náir.


¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh.


Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléibhe atá as coinne ghlinn mhic Hinnom, agus noch atá a ngleann na naitheach budh thuáigh, agus do chuáidh sios go gleann Hinnom, go táobh Iebusi budh dheas, agus do chuáidh síos go Henrogel,


Agus Selah, Eleph, agus Iebusi, eadhon Ierusalem, Gibeat, agus Ciriat; ceithre caithreacha deúg gun a mbailtibh. Sí so oighreachd chloinne Beniamin do reír a muinntear.


¶ Agus nír dhibriodar clann Bheniamin na Iebusítigh do áitreibh ann Ierusalem; achd dfanadar na Iebusitigh a bhfochair chloinne Beniamin gus a niugh ánn Ierusalem.


¶ Annois do throideadar mic Iúdah a naghaidh Ierusalem, agus do ghabhadar í, agus do bhúaileadar í le fáobhar an chloidhimh, agus do chiureadar an chathair tré theinidh.


Ach níor bháill leis a nóglach fuireach a noidhche sin, achd do eirigh sé súas agus dimthigh, agus tháinic sé as coinne lebus (noch dá ngoirthear Ierusalem;) agus do bhi cuingir assal na fhochair fá dhíalluidibh, do bhí fós a leannán na fhochair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí