Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 As sin do chuáidh leath re Hasmon, agus do chuáidh amach go sruth na Hégipte; agus do bhádar dul amach an chósta sin ag a nfairge: budh é so bhur gcósta ó dheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 ghabh ar aghaidh thar Azmón, tháinig amach ag sileán na hÉigipte, agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige. Sin é a bheidh agaibh mar theorainn theas.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:4
8 Tagairtí Cros  

Annsa ló cheudna sin do rinne an TIGHEARNA cuimradh ré Abram, dhá rádh; Dot shíolsa thug mé an tírsi, ó abhuinn na Héigipte go nuige an sruth mór, sruth Euphrátes:


¶ Agus an tansin do rinne Solamh féusta, agus Israel uile na fhochair, coimhthionól mhór, ó mar théid tú a steach go Hamat go nuige abhuinn na Hégipte, a lathair an TTIGHEARNA Día, seachd la agus seachd lá, eadhon ceithre lá dhéag.


Agus cuirfe mé do thóranna ón Muir ruáidh go nuige fairge na Bhphilistineach, agus ón díothramh gus a nabhuinn; óir seachóduigh mé áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh: agus díbeóra tú amach romhad íad.


¶ Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin, go mbuáilfidh an TIGHEARNA ó ghrinnioll an tsrotha go caise na Hégipte, agus cruinneochthar sibh áon air áon, sibhsi a chlann Israel.


Agus béaruidh an teórann cumpás lé ó Asmon go sruth na Hégipte, agus budh í an nfairge a dhul amach.


O Shihor, noch atá as coinne na Hégipte, air fad go himlibh Ecron budh thúaidh, noch áirmhithior do na Canaanítibh: cuig Tighearnuigh na Bhfilistineach; na Gasatitigh, agus na Hasdotítigh, na Hescalonítigh, na Gittitigh, agus na Hecronítigh; mar an gcéadna na Habhitigh:


Agus do chuáidh amach don taóibh ó dheas go Maaleh‐acrabbim, agus ráinic ar fad go Sin, agus do chúaidh súas don taóibh ó dheas go Cades‐barneá, agus ráinic ar fad go Hesron, agus do chúaidh súas go Hádar, agus tug timchiolladh go Carcaa:


Asdod gun a bailtibh, agus gun a gráganuibh, Gása gun a bailtibh, agus gun a grágannuibh, go sruth na Hegipte, agus a nfairge mhór, agus a téora:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí