Iósua 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil I. Do ainmnigh, 2 agus do shocruigh Día Iosua a nionaid Mhaoisi. 8 Agus do theagúisg a dhleasdannas dó. 1 Annois tar éis bháis Mhaóise seirbhiseach an TIGHEARNA tarla ann, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua mac Nun óglach Mhaóise, ghá rádh, 2 Déug Maóise mó sherbhíseach; a nois ar a nadhbhar sin éirigh, imthigh a nonn tar an Iordáinse, thú féin, agus an pobalsa uile, don tír do bheirimse dhóibh, eadhon do chloinn Israel. 3 Gach uile bhall air a sailteoraidh bonn bhur ccoise, thug mé sin dáoibh, mar a dubhairt mé ré Maóise. 4 On nfásachsa agus ón lebanonsa go nuige a nabhuinn mhóir, sruth Euphrátes, iomlán fhearainn na Hititeach, agus go nuige a nfaírge mhoir, leath ré dul faoi na gréine, budh é bhur ttéoran. 5 ¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú. 6 Bí láidir agus lánchródha: óir roinnfe tú ar an bpobalsa maroighreachd an fearann, do gheall mé dá naithribh do thabhairt dóibh. 7 Amhain bísi láidir agus rochurata, chor go gcoimhéadfa tú do dhéanamh do réir an dlighe uile, noch do aithin mo sherbhíseach Maóise dhiot: na hiompóigh uadh ar an láimh dheis nó chlé, chor go mbía tú sona gidh bé ar bith áit a racha tú. 8 Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe red bhéul; achd biáidh tú ag meabhair ann do ló agus doidhche, chor go ttiubhra tú haire do nuile ní da bhfuil sgriobhtha ann do dhéanamh: óir ann sin do dhéana tú do shlighe suthuin, agus éireochuidh leachd go maith annsin. 9 Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú. 10 ¶ Ann sin do aithin Iosua do oifigeachuibh an phobail, dhá radh, 11 Eírghidhe ar feadh an tslóigh, aithnighídh don phobal, dhá rádh, Ullmhuighidh lónn daóibh féin; óir fa chionn thrí lá rachthaói a nonn tar an Iordansa, do dhul do shealbhúghadh na tíre, do bheir bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh re na shealbhughadh mar oighreachd. 12 ¶ Agus do labhair Iosua ris na Reubinítibh, agus ris na Gadítibh, agus re leiththreibh Mhanasseh, dhá rádh, 13 Cuimhnighidh na bríathra do aithin Maóise óglach an TIGHEARNA dhíbh, ghá rádh, Thug bhur TTIGHEARNA Día suáimhnios daóibh, agus thug sé an dúithche so dhíbh. 14 Fanfuid bhur mná, bhur ndaóine beaga, agus bhur náirnéis, ansa dúithche thug Maóise dhíbh don táobhso do Iordan; ach rachthaoi féin thairis armtha roimhe bhur ndearbhráithríbh, gach a bhfuil láidir aguibh, agus cuideochtháoi léo; 15 Nó go ttuga an TIGHEARNA suaimhneas da bhur ndearbhraithribh, mar thug sé dhíbhsi, agus go sealbhuighidsion mar an gcéadna an tír bheir bhur TTIGHEARNA Día dhóibh: annsin fillfidhe dá bhur bhfearann sealbha, noch thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhíbh don táoibhsi do Iordan leath ré heírghe greine, agus biáidh aguibh. 16 ¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann. 17 Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neithibh, mar sin uimhleocham dhuitsi: amháin go mbia do THIGHEARNA Día leachdsa, mar do bhí sé lé Máoise. 18 Gidh bé chuirfios a naghuidh haithnesi, agus nach éistfe ré do bhríathruibh a ngach éinní aitheonus tú dhé, cuirfighear chum báis é: amháin bí laídir, agus deighmheisnigh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society