Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:8 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe red bhéul; achd biáidh tú ag meabhair ann do ló agus doidhche, chor go ttiubhra tú haire do nuile ní da bhfuil sgriobhtha ann do dhéanamh: óir ann sin do dhéana tú do shlighe suthuin, agus éireochuidh leachd go maith annsin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:8
40 Tagairtí Cros  

Agus do chuáidh Isaac amach do mheabhradh ar an machaire tráth nóna: agus do thóg suas a shúile, agus do chonnairc, agus, féuch, do bhádur na cámhuill ag teachd.


Agus díarr sé Día ré linn Shechariah, agá raibh tuigsin a bhfisibh Dé: agus an feadh do lean sé an TIGHEARNA, thug Día rath air.


Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh.


Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh.


Cionnus ghrádhuighim do dhligheadh! is é mo smuáineadh é air feadh an laói.


Tuigim ós cionn mo lucht teagaisg uile: oir is íad thfíaghnuiseadh mo smuáineadh.


Bídís bríathra mo bhéil, agus smuáineadh mo chroidhe, ionghabhtha ad lathair, ó a THIGHEARNA, mo charruic agus mfear fúasguilte.


Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.


A mhic, ná dearmaid mo dhligheadh; acht coimhéadadh do chroidhe maitheanta:


Ar mo shonsa, isé so mo chunnradh ríu, a deir an TIGHEARNA; Mo spiorad noch atá ortsa, agus mo bhríathra do chuir mé ann do bhéul, ní dheileochuid ré do bhéul, no re béul do shíl, nó re béul síl do shíl, a deir an TIGHEARNA, ó so amach agus go bráth.


Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.


Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.


Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.


Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig:


Agus a dubhairt seision, Achd as beannaighe an dream eisdeas briáthar Dé, agus choimhéudus é.


Má thuigthí na neithesi, bía sibh beannaighe má níthí íad.


Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.


Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.


Agus do ghabhamar a ttír, agus thugamar í mar oighreachd do na Réubinitibh, agus do na Gadítibh, agus do leath threibhe Mhanasseh.


Coimhéaduigh ar a nadhbharsin bríathra an chunnarthaso, agus déanuidh íad, chor go rachdaoi ar bhur naghuidh an sa nuile ní do dhéantaói.


Acht atá an bhriathar róghear dhuit, ann do bhéul, agus ann do chroidhe, chor go ndéantá í.


A nuáir thiocfas Israel uile dá ttaisbéanadh féin a lathair do THIGHEARNA Dé an sa náit thoighfeas sé, léighfidh tú an dligheadhsa a lathair Israel uile iona néisteachd.


¶ Agus táinic a ccrích, a núair do chuir Maóise deireadh le bríathruibh an dlighesi do scríobhadh a leabhar, no gur críochnuighuidh íad,


Agus do ghoir Maóise Israel uile, agus a dubhairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breitheamhnuis noch labhruimsi ann bhur ccluasuibh a niugh, go bhfoghlumtháoi íad, agus go ccoimhéadfáoi, agus go ndeantáoi íad.


O gan a leithéid sin do chroidhe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoimhéadaidís maitheanta a ccomhnuidhe, chor go mbiáidh sé go maith aca, agus agá ccloinn go bráth.


Do bhéartháoi dá bhur naire ar a nadhbharsin go ndeárntáoi mar do aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh: ní chasfuidhe a leaththáoibh ar bhur láimh dheis nó chlé.


Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.


Amhain bísi láidir agus rochurata, chor go gcoimhéadfa tú do dhéanamh do réir an dlighe uile, noch do aithin mo sherbhíseach Maóise dhiot: na hiompóigh uadh ar an láimh dheis nó chlé, chor go mbía tú sona gidh bé ar bith áit a racha tú.


Agus na dhiáigh sin do léigh sé bríathra an dlighe uile, na beannáchda agus na mallachda, do réir a nuile neithe dá bhfuil scriobhtha a leabhar an dlighe.


As beannuighe an dream choimhéudas a aitheanta, ionnus go mbíadh cumas chrainn na beatha aca, agus cumas dul a steach trés na geataidhibh don chathruigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí