Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Amhain bísi láidir agus rochurata, chor go gcoimhéadfa tú do dhéanamh do réir an dlighe uile, noch do aithin mo sherbhíseach Maóise dhiot: na hiompóigh uadh ar an láimh dheis nó chlé, chor go mbía tú sona gidh bé ar bith áit a racha tú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach thar na bearta agat, agus féach chuige le cáiréis go ndéanfaidh tú beart de réir an dlí go léir a d'ordaigh Maois m'óglach duit; ná cas ar dheis ná ar chlé uaidh, i dtreo go mbeidh an t‑ádh leat cibé treo baill ina rachaidh tú.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:7
25 Tagairtí Cros  

Atáimse ag dul a slighe na talmhan uile: bise láidir ar a nadhbharsin, agus taisbéin thú féin go fearambuil;


Agus coimhéad cúram do THIGHEARNA Dé, ag siubhal iona shlighthibh, ag coimhéad a statúideadh, agus a aitheanta, agus a bhreitheamhnasa, agus a fhiaghnuiseadh, mar atá scriobhtha a ndligheadh Mhaóise, chor go mbeirigh tú buáidh ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gach uile tháobh a niompochuídh tú thú féin:


Agus do rinne sé an ní fa mhaith a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhail sé a nuile shlighthibh a athar Dáibhi, agus níor fhill sé do leathtaoibh ar a láimh dheis nó ar a láimh chlé.


Ann sin éireochuidh sonus duit, má thúgann tú aire do choimhlíonadh na reachda agus na mbreitheamhnus noch do chuir an TIGHEARNA dualach ar Mhaoise a ttaobh Israel: bí láidir, agus bíodh meisneach mhaith agad; na himeagluidh, agus na húamhnuighthear thú.


Bithí laídir air a nadhbharsin, agus ná bídís bhur lámha lag: óir do gheabhtháoi lúach bhur sáothair.


Agus díarr sé Día ré linn Shechariah, agá raibh tuigsin a bhfisibh Dé: agus an feadh do lean sé an TIGHEARNA, thug Día rath air.


Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Ar mheas tú mo shearbhfhoghantuigh Iób, nach bhfuil áon cosmhuil ris air an ttalamh, duine iomlán díreach, aon ar a bhfuil eagla Dé, agus sheachnas olc?


A THIGHEARNA a Dhé na slógh, iompóigh arís sinn, agus taisbéin haghaidh dhúinn; agus bíam slán.


Ná fill air an laimh dheis nó chlé: áthruigh do chos ó nolc.


Tréoruighim a slighe a nionnracuis, a meadhon chasán an bhreitheamhnuis:


Agus a dúbhairt, A dhuine air a bhfuil róghrádh, ná bíodh eagla ort: síothcháin maille riot, bí láidir, fós, bí láidir. Agus a nuáir do labhair sé riom, do neartuigheadh mé, agus a dúbhairt, Labhradh mo thighearna; óir do neartuigh tú mé.


Agus do chuir sé a lámh air, agus thug cúram dhó, mar do aithin an TIGHEARNA lé láimh Mhaóise.


Uime sin coimhéadfuidhe na huile aitheanta noch aithnighimsi dhibh a niugh, chor go mbeithí láidir, agus go reachdaói a steach agus go sealbhóchuidhe an fearann, a bhfuiltí ag dul dá shealbhughadh;


Gidh bé ar bith ní aithéonus misi dhaoibh, coimhéaduigh a dhéanamh, ni chuirfe tú éinní na chionn, agus ní mó bheanfas tú dhe.


Agus ní racha tú a leathtaoibh ó éanfhocal dá labhruimsi riot a niugh ar a láimh dheis, nó ar a láimh chlé, do leanmhuin dée oile do dhéanamh seirbhíse dhóibh.


Agus do ghabhamar a ttír, agus thugamar í mar oighreachd do na Réubinitibh, agus do na Gadítibh, agus do leath threibhe Mhanasseh.


Coimhéaduigh ar a nadhbharsin bríathra an chunnarthaso, agus déanuidh íad, chor go rachdaoi ar bhur naghuidh an sa nuile ní do dhéantaói.


¶ Agus do ghoir Maóise ar Iosua, agus a dubhairt ris a radharc Israel uile, Bí neartmhar agus bíodh meisneach mhaith agad: óir caithfe tú dul leis an bpobal so don dúíthche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA da naithribh do thabhairt dóibh; agus do bhéara tú orra a glacadh a noighreachd.


Ní chnirfidhe a gcionn an nfocail aítheanus misi dhíbh, ní mó laighdeochtháoi éinní dhe, chor go gcoimhéadfuidhe aitheanta an TIGHEARNA bhur Ndía noch aithnighimsi dhíbh.


Do bhéartháoi dá bhur naire ar a nadhbharsin go ndeárntáoi mar do aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh: ní chasfuidhe a leaththáoibh ar bhur láimh dheis nó chlé.


Annois tar éis bháis Mhaóise seirbhiseach an TIGHEARNA tarla ann, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua mac Nun óglach Mhaóise, ghá rádh,


Ní dhealochuidh an leabharsa an dlighe red bhéul; achd biáidh tú ag meabhair ann do ló agus doidhche, chor go ttiubhra tú haire do nuile ní da bhfuil sgriobhtha ann do dhéanamh: óir ann sin do dhéana tú do shlighe suthuin, agus éireochuidh leachd go maith annsin.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


Mar do aithin an TIGHEARNA dhá sherbhíseach Maóise, is mar sin do aithin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior fhág sé éinní gan déanamh do nuile ní do fhógair an TIGHEARNA do Mhaóise.


Bíthise ar a nadhbharsin ro chúrata do choimhéad agus do dhéanamh a nuile ní atá scríobhtha a leabhar dhlighe Mhaoise, go nach bhfillfidhe a leaththaoibh uadh sin don láimh dheis no don láimh chlé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí