Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:17 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neithibh, mar sin uimhleocham dhuitsi: amháin go mbia do THIGHEARNA Día leachdsa, mar do bhí sé lé Máoise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Rinneamar rud ar Mhaois i ngach gnó, agus déanfaimid rud ortsa mar an gcéanna; go raibh an Tiarna do Dhia leatsa faoi mar a bhí le Maois, sin uile!

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:17
19 Tagairtí Cros  

Ann sin a dubhairt do bhanóglach, Biáidh anois focal mo thighearna an rígh cabharthach: óir amhuil aingeal Dé, is marsin atá mo thighearna an rígh do thuigsin uilc agus maitheasa: uimesin biáidh do THIGHEARNA Día maille ríot.


Mar do bhí an TIGHEARNA lem thighearna an rígh, go raibh mair sin le Solamh, agus go ndéarna sé a chatháoir ríogha níos mó ná cathaóir mo thighearna Dáibhi righ.


¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Solamh a mhac, Bí láidir agus bíodh meisneach mhaith agad, agus déana é: ná bíodh eagla ort, agus na bí anbhuáineach: óir biáidh an TIGHEARNA Día, eadhon mo Dhíasa, leachd; ní fhailleochuidh sé ort, ní mó thréigfe sé thú, nó go ccríochnuighe tú a nuile obair chum serbhíse thighe an TIGHEARNA.


Go ccluinidh an TIGHEARNA thú a ló na buáidheartha; go ccoimhéaduigh ainm Día Iácob thú.


Go ttuga dhuit do réir do chroidhe, agus go ccoimhlíonuidh huile chomhairle.


O a THIGHEARNA, sabhail: cluineadh an rígh sinn a nuáir ghoirfeam.


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Glac chugad Iosua mhac Nun, duine iona bhfuil an spiorad, agus cuir do lámh air;


Agus cuirfe tú cuid dod onóir air, chor go mbía comhchruinniughadh chloinne Israel uile umhal.


Agus do thógaibh an slúagh do bhí roimhe, agus na dhiáigh, gáir, ag rádh, Hósanna do mhac Dháibhí: Is beannuighthe an té thig a nainm an Tighearna; Hósanna annsna hárdaibh.


¶ Agus do bhí Iosua mhac Nun líonta do spioruid an ghliocuis; óir do leag Maóisi a lámha air: agus do umhluigheadar clann Israel dó, agus do rinneadar mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.


¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann.


Gidh bé chuirfios a naghuidh haithnesi, agus nach éistfe ré do bhríathruibh a ngach éinní aitheonus tú dhé, cuirfighear chum báis é: amháin bí laídir, agus deighmheisnigh.


¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


¶ Ansa ló sin do méaduigh an TIGHEARNA Iosua a radharc Israel uile; agus do bhí eagla aca roimhe, mar do bhí roimhe Mhaóise, ar feadh laéthe a bheatha.


A dubhairt Dáibhi fós, An TIGHEARNA do sháor misi ó crodh an leomhuin, agus ó chrodh an mhathghamhuin, sáorfuidh sé as láimh an Philistinighsi mé. Agus a dubhairt Saul re Dáibhi, Eirigh, agus go raibh an TIGHEARNA maille leachd.


Go ndéarna an TIGHEARNA mar sin, agus níos romhó re Ionatan: achd más í bhus toíl dom athair olc do dheánamh dhuit, ansin foillseocha mé dhuit é, agus cuirfe mé ar siubhal thú, lé a nimtheocha tú a síothcáin: agus go raibh an TIGHEARNA maille leachd, mar do bhí sé re mathairse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí