Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 D'fhreagraíodar Iósua á rá: “Déanfaimid gach ar ordaigh tú dúinn; rachaimid cibé áit a seolfaidh tú sinn.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:16
10 Tagairtí Cros  

Eirigh; óir beanaidh dhuitsi an chúisesi: bíaidh sinne ar áon leachd: bíodh meisnéach mhaith agad, agus déan.


Agus do labhradar clann Ghad agus clann Réuben ré Maóise, dhá rádh, Do dhéanuid do sherbhísigh mar do aithin mo thighearna.


Agus do fhreagradar clann Ghad agus clann Réuben gá rádh, Mar a dubhairt an TIGHEARNA red sherbhíseachuibh, is mar sin do dhéanaimne.


¶ Agus do bhí Iosua mhac Nun líonta do spioruid an ghliocuis; óir do leag Maóisi a lámha air: agus do umhluigheadar clann Israel dó, agus do rinneadar mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.


Eírighsi a bhfogus, agus éist re gach ní dá naibeóra an TIGHEARNA ar Ndía: agus labhairsi rinne a nuile ní déaras an TIGHEARNA ar Ndía riot; agus éistfiumne, agus do dhéanum é.


Cuir a gcuimhne dhóibh bheith úmhal duachdaránachduibh agus do chúmhachduibh, urruim do thabhairt úatha úmhadh dá bheith ullamh chum gach uile dheaghoibre mhaóribh,


Nó go ttuga an TIGHEARNA suaimhneas da bhur ndearbhraithribh, mar thug sé dhíbhsi, agus go sealbhuighidsion mar an gcéadna an tír bheir bhur TTIGHEARNA Día dhóibh: annsin fillfidhe dá bhur bhfearann sealbha, noch thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhíbh don táoibhsi do Iordan leath ré heírghe greine, agus biáidh aguibh.


Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neithibh, mar sin uimhleocham dhuitsi: amháin go mbia do THIGHEARNA Día leachdsa, mar do bhí sé lé Máoise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí