Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:15 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Nó go ttuga an TIGHEARNA suaimhneas da bhur ndearbhraithribh, mar thug sé dhíbhsi, agus go sealbhuighidsion mar an gcéadna an tír bheir bhur TTIGHEARNA Día dhóibh: annsin fillfidhe dá bhur bhfearann sealbha, noch thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhíbh don táoibhsi do Iordan leath ré heírghe greine, agus biáidh aguibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:15
15 Tagairtí Cros  

Uime sin dá bhfuilngidh éunbhall, comhfhuilngid na buíll nile; nó dá bhfaghuidh éunbhall onóir, do níd na buill uile gáirdeachas má ráon ris.


Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;


Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.


Iomchruidh úaluidhe a chéile, agus mar sin coimhlíonfuidh réachd Chríosd.


¶ Agus do aithin misi dháoibh a nuairsin, dhá rádh, Thug an TIGHEARNA bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhughadh: rachtháoi thairis armtha a lathair bhur ndearbhráithreach clann Israel, a nuile dhuine dá bhfuil iomchubhaibh chum an chogaidh.


Nó go ttugaidh an TIGHEARNA suáimhneas dá bhur ndearbhraithribh, comhmaith agus dáoibhsi, agus nó go sealbhuighid síad mar an gcéadna an fearann thug an TIGHEARNA bhur Ndía dhóibh táobh thall do Iordan: agus annsin fillfidhe gach éanduine aguibh chum a sheilbhe, noch thug misi dháoibh.


Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniugh, do shealbhughadh cineadhach is mó agus is láidre ná thú féin, caithreacha mora agus cumhdaighthe súas go neamh,


Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.


Annois tar éis bháis Mhaóise seirbhiseach an TIGHEARNA tarla ann, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua mac Nun óglach Mhaóise, ghá rádh,


Fanfuid bhur mná, bhur ndaóine beaga, agus bhur náirnéis, ansa dúithche thug Maóise dhíbh don táobhso do Iordan; ach rachthaoi féin thairis armtha roimhe bhur ndearbhráithríbh, gach a bhfuil láidir aguibh, agus cuideochtháoi léo;


¶ Agus do fhreagradarsan Iosua, ghá rádh, A nuile ní aitheonus tusa dhínn do dhéanam é, agus gidh bé ait a gcuirfe tú sinn racham ann.


An sin do ghoir Iosua na Reubenítigh, agus na Gadítigh, agus leiththreabh Mhanasseh,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí