Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Déug Maóise mó sherbhíseach; a nois ar a nadhbhar sin éirigh, imthigh a nonn tar an Iordáinse, thú féin, agus an pobalsa uile, don tír do bheirimse dhóibh, eadhon do chloinn Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 “Tá Maois m'óglach tar éis bháis. Éirigh dá bhrí sin agus thar an Iordáin seo anonn leat, thú féin agus an pobal seo go léir, agus isteach leat sa tír atá á thabhairt agam dóibhsean, do chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:2
13 Tagairtí Cros  

Agus do bhéura mé dhuitsi, agus dot shíol ad dhiáigh an fearann ann a bhfuil tu ar cuairt, tir Chanaáin, uile, mar sheilbh shíorruidhe; agus biaidh mé mar Dhía aca.


Do fhoirlíon tú a cclann mar an ccéadna amhuil réultanna a naiéir, agus thug tú don tír íad, a ttaobh a ttug tú gealladh dhá naithribh, go rachaidís a steach dá sealbhughadh.


Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Ar mheas tú mo shearbhfhoghantuigh Iób, nach bhfuil áon cosmhuil ris air an ttalamh, duine iomlán díreach, aon ar a bhfuil eagla Dé, agus sheachnas olc?


Feuch mo sheirbhíseach, noch gabhuim orum; mo rogha, ann a bhfuil dúil manma; do chuir mé mo spiorad air: do bhéara sé breitheamhnus amach chum na ngeinteadh.


Mo sherbhíseach Maóise ni bhfuil sé mar sin, noch atá fírinneach a measc mo thighe uile.


Ach aithin do Iosua, agas cuir meisneach ann, agus neartuigh é: óir rachuidh seision anonn roimhe na dáoinibhsi, agus do bhéura sé orra an dúthaigh do shealbhughadh a noighreachd noch do chífe tusa.


¶ Agus do ghoir Maóise ar Iosua, agus a dubhairt ris a radharc Israel uile, Bí neartmhar agus bíodh meisneach mhaith agad: óir caithfe tú dul leis an bpobal so don dúíthche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA da naithribh do thabhairt dóibh; agus do bhéara tú orra a glacadh a noighreachd.


¶ Mar sin fhuáir Maóise searbhfoghantuigh an TIGHEARNA bás ann sin a ttír Mhoab, do réir bhreithre an TIGHEARNA.


Annois tar éis bháis Mhaóise seirbhiseach an TIGHEARNA tarla ann, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua mac Nun óglach Mhaóise, ghá rádh,


Eírghidhe ar feadh an tslóigh, aithnighídh don phobal, dhá rádh, Ullmhuighidh lónn daóibh féin; óir fa chionn thrí lá rachthaói a nonn tar an Iordansa, do dhul do shealbhúghadh na tíre, do bheir bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh re na shealbhughadh mar oighreachd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí