Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:5 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 ¶ Ní fhéadfuidh éanduine seasamh ad aghuidh ar feadh láethe do bheatha: mar do bhí mé lé Maóise, is mar sin bhías mé leachdsa: ní fhailleocha mé ort, ní mó thréigfios mé thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:5
34 Tagairtí Cros  

Agus do bhí an TIGHEARNA maille re Ioseph, agus do bhí na dhuine sona; agus do bhí sé a ttigh a mhaighistir an Tégipteach.


Mar do bhí an TIGHEARNA lem thighearna an rígh, go raibh mair sin le Solamh, agus go ndéarna sé a chatháoir ríogha níos mó ná cathaóir mo thighearna Dáibhi righ.


Agus is amhluidh bhías, má éisteann tú ré gach uile ni dá naitheonuidh misi dhiot, agus go siubholuidh tú ann mo shlighthibh, agus go ndeanair an ní bhíus ceart ann mo radharc, do choimhéad mo reachda agus maitheanta, mar do rinne Dáibhi mo shearbhfhoghantuigh; go mbiáidh misi leatsa, agus go ndéana mé tigh daingion duit, mar do rinne mé do Dháibhi, agus do bhéara mé Israel dhuit.


Agus biaidh mé am chomhnuidhe a measg chloinne Israel, agus ní thréigfe mé mo phobal Israel.


Go raibh an TIGHEARNA ar Ndía línn, amhuil do bhí sé le ar naithribh: ná fagbhadh agus ná tréigiodh sé sinn:


¶ Agus a dubhairt Dáibhi re Solamh a mhac, Bí láidir agus bíodh meisneach mhaith agad, agus déana é: ná bíodh eagla ort, agus na bí anbhuáineach: óir biáidh an TIGHEARNA Día, eadhon mo Dhíasa, leachd; ní fhailleochuidh sé ort, ní mó thréigfe sé thú, nó go ccríochnuighe tú a nuile obair chum serbhíse thighe an TIGHEARNA.


Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah.


Agus a dubhairt sesion, Go deimhin biáidh misi leachd; agus biáidh so mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú: A nuáir do bhéura tú an pobal amach as a Négipt, do dhéantaoi serbhís do Dhía ar a tsliabhsa:


Agus do bhéara mé na daill a slighe nach aithne dhóibh; tréorochuidh mé íad a slighe nar bhfeas dóibh: do dhéana mé an dorchadas na sholus rompa, agus na neithe cama díreach. Ag so na neithe dhéanas mé dhóibh agus ní thréigfe mé íad.


Ná bíodh eagla a naightheach ort: óir atáimsi maille riot dot sháoradh, a deir an TIGHEARNA.


Acht an té thig na adhuigh do dhéana sé do réir a thola féin, agus ní sheasfa duine ar bioth ris: agus seasfuidh sé annsa tír ghlórmhair, noch scriostar le na láimh.


Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.


Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?


Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn.


Anuair rachus tú amach do throid a naghuidh do námhad, agus do chífe tú eich, agus carbuid, agus daóine is lía na thú fein, ná bíodh eagla ort rompa: óir atá do THIGHEARNA Día maille riot, noch thug amach as crích na Hégipte thú.


Oír sé bhur TTIGHEARNA Día an té théid libh, do throid re bhur námhuid, da bhur ttártháil.


¶ Agus do chuir dualach ar Iosua mhac Nun, agus a dubhairt, Bi láidir béodha: óir bhéara tú clann Israel don tír do mhionnuigh misi dhóibh: agus biáidh misi maille riot.


(Oír an TIGHEARNA do Dhía as Día grásamhuil é); ní thréigfe sé thú, agus ní scriosfa sé thú, agus ní mó dhearmadfaidh sé cunnradh haithreadh noch do mhionnuigh sé dhóibh.


Agus do bhéuruidh sé a ríghthe ann do láimh, agus sgriosfa tú a nainm ó bheith faói neamh: ní thiucfa do dhuine ar bhith seasamh romhad, nó go sgriosfa tú íad.


Gidheadh do sheas an Tíghearna láimh rium, agus do neartuigh sé mé; ionnus go mbíadh seanmóir an tsoisgeil dearbhtha thríomsa, agus do gcluinfedis na Cineadhacha uile í: agus do sáoradh mé ó bhéul an leomhain.


Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú.


Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neithibh, mar sin uimhleocham dhuitsi: amháin go mbia do THIGHEARNA Día leachdsa, mar do bhí sé lé Máoise.


Nách ar aithin misi dhíot? Bí láidir agus lán bhéodha; ná bíodh eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do THIGHEARNA Día maille leachd gidh bé áit a racha tú.


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná heagluighthear thú rompa: óir do sheachuid misi ad laimh íad; ní sheasfa duine dhíobh romhad.


Agus thug an TIGHEARNA suáimhneas dóibh timchioll fa gcuáirt, do réir gach uile neithe dár mhionnuigh sé dá naithribh: agus níor sheas duine dá námhuid rompa: do sheachuid an TIGHEARNA a naimhde uile ann a láimh.


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, A niugh thoiseochus mé ar thusa oirdherceadh a measg Israel uile, chor go mbía a fhios aca, mar do bhí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leachdsa.


Mar sin do bhí an TIGHEARNA re Iosua; agus do chúaidh a chlú ar feadh na críche uile.


Agus a nuáir do thóg an TIGHEARNA breitheamhúin súas dóibh, annsin do bhí an TIGHEARNA leis an mbreitheamh, agus do shaór se íad as lámhuibh a námhad ar feadh bheatha an bhreitheamhuin: (óir do bhí aithreachus ar an TIGHEARNA ar son a nuchbhaghadh do bhrigh na muinntíresin do sháruidh agus do bhuáidhir íad.)


Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Is deimhin go mbíaidh misi leachd, agus buáilfidh tú na Mídianuigh amhuil éanduine amháin.


Agus go madh hamhluigh bhías, a nuáir thíucfaid na comharthuighesi ort, go ndéana tú do reír mar bhías ocáid agad; oír atá Día maille riot.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí