Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 1:4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 On nfásachsa agus ón lebanonsa go nuige a nabhuinn mhóir, sruth Euphrátes, iomlán fhearainn na Hititeach, agus go nuige a nfaírge mhoir, leath ré dul faoi na gréine, budh é bhur ttéoran.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 1:4
12 Tagairtí Cros  

Agus do chuáidh carbad súas agus tháinic as an Négipt ar cheann sé chéad secel airgid, agus eich ar ceann chéud agus cáogad: agus mairsin do ríoghuibh na Hititeach uile, agus do ríoghuibh na Síria, agus do bheireadh síadsan amach íad le na láimh.


Agus do ríaghluidh Solamh ós cionn a nuile rioghachd ó nabhuinn go crích na Bhphilistineach, agus go brúach na Hégipte: do bheirdís tiodhluicthe leó, agus do rinneadar seirbhís do Sholamh ar feadh laéthe a bheatha.


¶ Agus do bhúail Dáibhi Hadareser rígh Sobah go nuige Hamat, mar do chúaidh sé do dhaingniughadh a thighearnuis láimh ré habhuinn Euphrátes.


Agus do áitigh sé don taóibh shoir go dul a steach an nfásaigh ó nabhuinn Euphrátes: do bhrígh gur fhoirlíonadar a náirnéis a bhfearann Gileád.


Do bhádar righthe cumhachtacha mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noch do ríaghluidh ós cionn a niomláin táobh thall dabhuinn; agus do híocadh cíos, cáin, agus custhum ríu.


Agus cuirfe mé do thóranna ón Muir ruáidh go nuige fairge na Bhphilistineach, agus ón díothramh gus a nabhuinn; óir seachóduigh mé áitreabhuigh na dúthaigh ann bhur láimh: agus díbeóra tú amach romhad íad.


Fillidh, agus gluáisidh íonbhur slighe, agus éirghidh go slíabh na Namoriteach, agus don nuile áit láimh ris, annsa réiteach, annsna cnocuibh, agus annsa ghleann, agus budh dheas, agus láimh ris an bhfairge, go dúthaigh na Gcanaaníteach, agus go Lebanon, go suighe an nabhuinn mhóir, abhuinn Euphrates.


Gach uile bhall a sailteoruidh boinn bhur ccos budh libh féin é: ón fhásaca agus ó Lebanon, ó nabhuin, abhann Euphrátes, eadhon go nuige an bhfairge is faide amach is eadh bhías bhur ttéora.


Guidhim thú, léig dhamh dul anonn, dféachuin a nfearuinn mhaith atá táobh thall do Iordan, an slíabh maith sin, agus Lebanon.


Ag rádh ris an seiseadh aingeal agá raibh an sdoc, Sgaóil na ceithre haingil noch atá ceanguilte ag a nabhuinn mhóir Euphrátes.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí