Matha 7:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Dá bhrí sin de, gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus a bhíos á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear eagnaí a thóg a theach ar charraig chloiche; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus a ghní dá réir, samhlóchar é le fear críonna a thóg a theach ar charraig. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Gach duine, d’á bhrígh sin, a chloiseann an chaint seo adeirim-se agus do dheineann beart d’á réir, samhlófar é le duine ciallmhar a dhein a thigh ar an gcaraig. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: An Bíobla Naofa 1981 “Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig: |
Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi.
Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?
acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh.
Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin.
agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha; agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar do bhí sé tógtha ar an gcarraig.
Agus gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa, agus nach gcuireann i ngníomh iad, samhlóchar eisean le duine gan chéill do thóg a theach ar an ngainimh:
Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é.
Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh.
óir ní h‐iadh lucht éistighthe an dlighe atá fíréanta i bhfiadhnaise Dé, acht is iad lucht cleachtuighthe an dlighe fíréanóchar:
Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.