Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 12:50 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

50 is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

50 Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil mʼAthar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

50 Óir cibé ar bith a dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

50 Oír giodh be neach do dhéanaidh toil Matharsa a tá air neamh, a sé so mo dhearbhrathairsi, agus mo dheirbhshíur, agus mo mhathair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

50 Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

50 óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil mʼAthar atá ar Neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:50
38 Tagairtí Cros  

Agus do shín sé a lámh chum a dheisceabal, agus adubhairt sé, Féach, mo mháthair agus mo bhráithre‐se! Óir cibé duine dhéanfas toil m’Athar atá ar neamh,


An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge.


Le linn a chainnte, féach, do leath scamall lonnrach ortha: agus féach, an guth as lár an scamaill, adubhairt, Is é seo mo Mhac ionmhain, ’n‐a bhfuil mo mór‐aoibhneas; éistidh leis.


Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é.


Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é.


Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.


Óir cibé duine do‐ghní toil Dé, is é sin mo dhearbhráthair, agus mo dheirbhshiúr, agus mo mháthair.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Is iad mo mháthair agus mo bhráithre‐se iad‐san éisteas le briathraibh Dé, agus do‐ghní d’á réir.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


Ádubhairt Íosa léi, Ná bain liom; óir ní chuadhas suas chum an Athar fós: acht téigh chum mo bhráithreach, agus abair leo, Atáim ag dul suas chum m’Athar‐sa agus bhúr nAthar‐sa, agus chum mo Dhé‐se agus bhúr nDé‐se.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeadh sibh san té do chuir sé uaidh.


Óir is é toil m’Athair, an uile dhuine do‐chí an Mac, agus chreideas ann, go bhfaigheadh sé an bheatha shíosraidhe, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.


Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:


acht do chraobhscaoileas do mhuinntir Dhamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúithche Iúdaea, agus do na Cineadhachaibh, go ndéanfaidís aithrighe agus go n‐iompóchaidís chum Dé, ag déanamh gníomhartha de réir na h‐aithrighe.


Óir na daoine do réamh‐aithnigh sé, do réamh‐oirdnigh sé iad, chum go mbéadh siad cosmhail le h‐íomháigh a Mhic, chum go mbéadh seisean ’n‐a chéid‐ghein i measc mórán bráithreach.


Nach bhfuil sé de chead againn siúr do thabhairt mar bhainchéile i n‐éinfheacht linn, mar do‐ghní an chuid eile de na h‐abstalaibh, agus bráithre an Tighearna, agus Céfas?


Óir atáim éadmhar libh le h‐éad diadha: óir thugas le pósadh sibh d’fhear amháin, chum sibh do thabhairt mar mhaighdin gan smál do Chríost.


Óir i nÍosa Críost ní fhuil fóghnamh ar bith i dtimcheall‐ghearradh ná i neamh‐thimcheall‐ghearradh acht oiread: acht amháin san gcreideamh oibrigheas tré ghrádh.


Óir ní h‐éinnidh an timcheall‐ghearradh, ná an neamh‐thimcheall‐ghearradh, acht nádúir úrnua.


Ní fhuil Gréagach ná Iúdach ann, ní fhuil timcheall‐ghearradh ná neamh‐thimcheall‐ghearradh, barbarach, Scitidheach, daor ná saor ann, acht is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


na sean‐mhná mar bhéadh máithreacha, na mná óga mar bhéadh siúracha ann, go modhamhail ar fad.


agus tar éis dó teacht i bhfoirbhtheacht, do bhí sé mar ughdar slánuighthe shíorraidhe do na daoinibh go léir umhluigheas dó;


chum nach gcaithfeadh sé a shaoghal ’n‐a dhiaidh sin do réir ainmhianta na ndaoine, acht do réir tola Dé.


Agus atá an saoghal agus a chuid sainnte ag imtheacht: acht an té do‐ghní toil Dé fanann seisean go síorraidhe.


Is beannuighthe na daoine nigheas a róbaí, chum go mbéidh cead chum crainn na beathadh aca, agus go rachaidh siad thar na geataibh isteach san gcathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí