Eoin 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus roimh fhéile na cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a thráth tagtha chum imtheacht as an saoghal so chum a Athar, ó thug sé grádh d’á mhuinntir féin do bhí sa tsaoghal, thug se grádh dhóibh go deireadh. 2 Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath, 3 ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh tabhartha ’n‐a láimh dhó ag an Athair, agus go dtáinig sé ó Dhia, 4 agus go raibh sé ag dul chum Dé, d’éirigh sé ó’n mbórd, agus do chuir sé a bhrat i leathtaoibh, agus do ghlac sé tubháille, agus do cheangail sé fá n‐a chom é. 5 Annsin do dhoirt sé uisce isteach i mbáisín, agus do thosnuigh sé ar chosa a dheisceabal do nighe, agus ar a dtriomú leis an tubháille do bhí timcheall a chuim. 6 Annsin tháinig sé go dtí Síomón Peadar. Adubhairt seisean leis, Tusa ag nighe mo chos‐sa, a Thighearna! 7 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, An nidh do‐ghním‐se, ní thuigeann tú anois é; acht tuigfidh tú é ar ball. 8 Adubhairt Peadar leis, Ní nighfir mo chosa‐sa go bráth. D’fhreagair Íosa dhó, Muna nighim thú, ní fhuil aon roinn agat liom. 9 Adubhairt Síomón Peadar leis, A Thighearna, nár ab iad mo chosa amháin acht mo lámha agus mo cheann, chómh maith. 10 Adubhairt Íosa leis, an té atá nighte ní gábhadh dhó acht a chosa do nighe, agus atá sé glan ar fad: agus atá sibh‐se glan, acht ní fhuil gach duine agaibh glan. 11 Óir bhí a fhios aige cia’rbh é do bhí le n‐a bhrath; do b’uime sin adubhairt sé, Ní fhuil sibh go léir glan. 12 Annsin nuair bhí a gcosa nighte aige, agus a éadaighe curtha air, agus nuair do shuidh sé siar arís, adubhairt sé leo, An dtuigeann sibh céard atá déanta agam daoibh? 13 Glaodhann sibh Múinteoir agus Tighearna orm: agus atá an ceart agaibh; óir is mé sin. 14 D’á bhrigh sin, má nigheas‐sa bhúr gcosa, agus gur mé an Tighearna agus an Múinteoir, ba cheart daoibh‐se cosa a chéile do nighe. 15 Óir atá eisiompláir tabhartha agam daoibh, go ndéanfadh sibh‐se fá mar tá déanta agam‐sa dhaoibh. 16 Go fírinneach adeirim libh, Ní mó an seirbhíseach ’ná a mháighistir; agus ní mó an teachtaire ’ná an té do chuir uaidh é. 17 Má’s eol daoibh an méid sin, is aoibhinn daoibh má ghníonn sibh d’á réir. 18 Ní fhuilim ag labhairt oraibh uile: atá a fhios agam na daoine do thoghas: ácht chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, An té itheas mo chuid aráin do thóg sé a shál im’ choinnibh. 19 Atáim g‐á innsin sin daoibh roimh ré, ionnas, nuair thiocfas sé chum críche, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. 20 Go fírinneach adeirim libh, Cibé ghlacas an té chuirim uaim, ghlacann sé mise; agus cibé ghlacas mise, glacann sé an té do chuir uaidh me. 21 Ar n‐a rádh sin d’Íosa, do bhí sé go buaidheartha ’n‐a spioraid, agus do dhearbhuigh sé, agus adubhairt, Go fírinneach adeirim libh, go mbraithfidh duine agaibh mé. 22 Do dhearc na deisceabail ar a chéile, agus mearbhall ortha i dtaobh an té d’á mbéadh sé ag tagairt. 23 Agus do bhí ag an mbórd duine d’á dheisceablaibh, do b’ionmhain le h‐Íosa, ’n‐a luighe ar ucht Íosa. 24 Agus do sméid Síomón Pheadar airsean, agus adubhairt sé leis, Innis dúinn cia dhó go bhfuil sé ag tagairt. 25 Adubhairt seisean leis, agus é sínte siar ar ucht Íosa, A Thighearna, cia h‐é? 26 D’fhreagair Íosa dhó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiubhrad dó é, is é é. Agus nuair do bhí an giota aráin tomtha aige, do thóg sé é agus thug d’Iúdás Shíomóin Iscariót é. 27 Agus i ndiaidh an ghiota, do chuaidh Sátan isteach ann, agus adubhairt Íosa leis, An nidh atá le déanamh agat, déan gan mhoill é. 28 Acht níor thuig aoinneach d’á raibh ag an mbórd cad chuige go ndubhairt sé leis é. 29 Do cheap cuid aca, ó bhíodh an sparán ag Iúdás, go ndubhairt Íosa leis, Ceannuigh a bhfuil ag teastáil uainn i gcómhair na féile; nó, rud éigin do thabhairt do na bochtaibh. 30 Agus nuair do ghlac seisean an giota aráin d’imthigh sé amach ar an láthair: agus bhí an oidhche ann. 31 Agus nuair do bhí sé imthighthe amach, adubhairt Íosa, Anois atá Mac an Duine glóirighthe, agus atá Dia glóirighthe tríd; 32 agus glóireochaidh Dia eisean ann féin, agus glóireachaidh sé ar ball é. 33 A chlann dílis, atáim ’n‐bhúr bhfochair tamall beag go fóill. Béidh sibh ’gam’ lorg, acht, mar adubhairt mé leis na h‐Iúdachaibh, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann sibh‐sé teacht ann; deirim libh‐se anois é. 34 Do‐bheirim aithne nua dhaoibh, grádh do thabhairt d’á chéile; fá mar thug mise grádh dhaoibh‐se, go dtiubhradh sibh‐se grádh d’á chéile, chómh maith. 35 As sin aithneochaidh gach uile dhuine gur deisceabail damh‐sa sibh, acht grádh bheith agaibh d’á chéile. 36 Adubhairt Síomón Peadar leis, A Thighearna, cá bhfuil tú ag dul? D’fhreagair Íosa, An áit ’n‐a bhfuilim ag dul, ní fhéadann tusa mo leanamhain ann anois; acht leanfaidh tú mé ’n‐a dhiaidh seo. 37 Adubhairt Peadar leis, A Thighearna, cad chuige nach bhféadaim thú do leanamhain anois díreach? dobhéarfad m’anam ar do shon. 38 D’fhreagair Íosa, An dtiubhraidh tú t’anam ar mo shon? Go fírinneach adeirim leat, Ní ghlaodhfaidh an coileach sara séanfair trí h‐uaire mé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society