Matha 26:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do chuaidh duine de’n dáréag, dárbh ainm Iúdás Iscariót, chum uachtarán na sagart, agus adubhairt sé, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin chuaidh duine de’n dáréag, arbh ainm dó Iúdas Iscariot, chuig uachtaráin na sagart, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do imthigh fear don dá fhear dhég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, chum úachdarán na sagart. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart |
Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é.
Agus le linn dó bheith ag labhairt, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh mór ’n‐a chuideachtain, agus claidhmhte agus bataí aca, tháinig siad ó uachtaránaibh na sagart agus ó sheanóiribh an phobail.
Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh,
Acht adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Iúdás Iscariót, an té do bhí le n‐a bhraith,
Agus le linn an tsuipéir, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót Shíomóin, é do bhrath,
D’fhreagair Íosa dhó, An té d’á dtomfad an giota aráin seo agus go dtiubhrad dó é, is é é. Agus nuair do bhí an giota aráin tomtha aige, do thóg sé é agus thug d’Iúdás Shíomóin Iscariót é.
Agus nuair do ghlac seisean an giota aráin d’imthigh sé amach ar an láthair: agus bhí an oidhche ann.
Agus do bhí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do bhí g‐á bhrath: óir ba mhinic do théigheadh Íosa agus a dheisceabail ann.
agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.
(Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach.