Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Do‐rinneas an chéad tráchtas, a Théofiluis, ar gach ar thionnscain Íosa do dhéanamh agus do theagasc,

2 go dtí an lá ’n‐ar tógadh suas é, tar a éis dó aitheanta do thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na h‐abstalaibh do thogh sé;

3 d’ar thaisbeán sé é féin beo i ndiaidh a pháise, le n‐a lán deimhniú, d’á thaidhbhsiú féin dóibh i gcaitheamh dá fhichid lá, agus ag labhairt ar na neithibh do bhain le ríoghacht Dé:

4 agus, ’n‐a gcómhluadar dó, d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht as Iarúsalem, acht fanamhain le geallamhain an Athar, do‐chualabhar, ar sé, uaim‐se:

5 óir do‐rinne Eoin baisteadh go dearbhtha le h‐uisce; acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh taobh istigh de bheagán laethe.

6 Agus, ar mbeith dhóibh i bhfochair a chéile, d’fiafruigheadar de, g‐á rádh, A Thighearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiubhraidh tú an ríoghacht ar ais d’Israel?

7 Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin.

8 Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.

9 Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do tógadh suas é, agus iad ag amharc; agus do cheil scamall ar a radharc é.

10 Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar.

11 A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.

12 Annsin d’fhilleadar ar ais go h‐Iarúsalem ó’n gcnoc ar a dtugtar Ola‐chrannda, atá i ngiorracht aistir lae sabóide d’Iarúsalem.

13 Agus ar dteacht isteach dhóibh, chuadar suas go dtí an seomra uachtarach, mar a raibh siad ’n‐a gcómhnaidhe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán agus Matha, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Shéamais.

14 Do bhíodar uile ag leanamhain de thoil a chéile i n‐urnaighe, mar aon leis na mnáibh, agus le Muire máthair Íosa, agus le n‐a bhráithreachaibh.

15 Agus ins na laethibh sin d’éirigh Peadar i lár na mbráithreach, (do bhí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiche),

16 agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa.

17 Óir do h‐áirmheadh é mar dhuine againn, agus fuair sé a chuid san tseirbhís seo.

18 (Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach.

19 Agus tháinig fios scéil ’n‐a thaobh do mhuinntir Iarúsalem go léir; i dtreo go dtugadh ar an bhfearann sin ’n‐a dteangain‐sean, Aceldama, is é sin, Fearann na Fola.)

20 Óir atá scríobhtha i leabhar na Salm, Go ndéantar fásach d’á áit cómhnaidhthe, Agus ná déanadh aon duine cómhnaidhe ann: agus, GIacadh duine éigin eile a fheadhmannas.

21 D’á bhrigh sin, as na fearaibh do bhí ’n‐ár gcuideachtain i rith an ama ’n‐a raibh an Tighearna Íosa ag dul isteach agus amach ’n‐ár measc,

22 ag tosnú ó bhaisteadh Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógadh suas uainn é, caithfidh duine aca bheith ’n‐a fhiadhnaidhe ar a aiséirghe.

23 Agus do cheapadar beirt, Seosamh ar a dtugadh Barsabbas, gur shloinneadh dhó Iustus, agus Maitias.

24 Agus do ghuidheadar, agus adubhradar, A Thighearna, thuigeas croidheacha na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n bheirt seo is rogha leat,

25 leis an ionad do ghlacadh san tseirbhís agus san abstalacht so; ó n‐a ndeachaidh Iúdás amugha, chum go rachadh sé d’á áit féin.

26 Agus do chuireadar ar chrannaibh é; agus do thuit an crann ar Mhaitias; agus do h‐áirmheadh é mar dhuine de’n aon abstal déag.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí