Matha 13:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is ansin a bheidh na fíréin ag dealramh mar an ghrian i ríocht mʼAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin soillseochaidh na fíréin mar an ghréin i ríoghacht a n-Athar. An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht aige, éisteadh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Soillséochaid na fíreanaigh an tansin mar an ngréin a riochachd a Nathar féin. Giodh bé agá bhfuilid clúasa chum eisdeachda, éisdeagh sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i Ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” An Bíobla Naofa 1981 Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!” |
Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:
do bhíos lomnocht, agus do chuireabhar éadaighe orm: do bhíos breoite, agus thángabhar dom’ fhéachaint: bhíos i bpríosún, agus thángabhar chugam.
Acht adeirim libh, Ní ólfad feasta de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad go nua é mar aon libh‐se i ríoghacht m’Athar.
Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir is é toil bhúr nAthar an ríoghacht do thabhairt daoibh.
agus cuirim ríoghacht i n‐áirithe dhaoibh, fá mar chuir m’Athair i n‐áirithe dhamh‐sa,
Uime sin, a bhráithre ionmhaine, bidhidh diongbhálta, do‐chorruighthe, lán‐dícheallach i gcómhnaidhe i ngnó an Tighearna, agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar san Tighearna gan toradh.
Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?