Séamas 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 A bhráithre, cothuighidh creideamh ár dTighearna ghlórmhair Íosa Críost gan meas bheith agaibh ar phearsain duine seachas a chéile. 2 Óir má thagann fear isteach ’n‐bhur sionagóig, agus éadaighe breaghtha air, agus má thagann isteach, leis, duine bocht agus droch‐éadaighe air; 3 agus má thugann sibh ómós do’n té ar a bhfuil na h‐éadaighe breaghtha, go n‐abrann sibh leis, Suidh‐se annso i n‐áit na h‐onóra; agus go n‐abrann sibh leis an duine bocht, Seasuigh‐se annsin thall, nó suidh annso fá stól mo chos: 4 nach mbíonn leith‐cheal d’á dhéanamh agaibh ’n‐bhur h‐intinn féin, agus nach mbíonn sibh ’n‐bhur mbreitheamhnaibh drochrúnacha? 5 Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é? 6 Acht is amhlaidh thugabhar easonóir do’n duine bocht. Nach iad na daoine saidhbhre do‐gní leathtrom oraibh, agus nach iad féin tharraingeas isteach i dtigh na cúirte sibh? 7 Nach iad do‐bheir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmnightear sibh? 8 Acht má chóimhlíonann sibh an dlighe ríoghdha do réir na scrioptúra, Grádhóchair do chómharsa mar thú féin, atá sibh ag déanamh go maith: 9 acht má thugann sibh meas do phearsain duine seachas a chéile, atá peacadh d’á dhéanamh agaibh, agus atá sibh daortha mar chionntaigh do réir an dlighe. 10 Óir cibé duine chóimhlíonas an dlighe uile, agus go gcliseann air aithne amháin de do choimheád, atá sé cionntach ionnta go léir. 11 Óir an té adubhairt, Ná déan adhaltrannas, adubhairt sé leis, Ná déan marbhadh. Anois, bíodh nach ndéanann tú adhaltrannas, acht go ndéanann tú dún‐mharbhadh, is cionntach i n‐aghaidh na dlighe thú. 12 Labhraidh agus déanaidh gníomh mar dhaoine go dtiubharfar breitheamhnas ortha do réir dlighe na saoirse. 13 Óir breitheamhnas gan trócaire is eadh gheobhas an té nach ndearna trócaire: buadhann an trócaire ar an mbreitheamhnas. 14 Cia an tairbhe, a bhráithre, do’n duine adeir go bhfuil creideamh aige, gan gníomhartha bheith aige, leis? an bhféadann an creideamh sin a shlánú? 15 Má bhíonn bráthair nó siúr lomnocht, agus i n‐uireasbhaidh an bhidh laetheamhail, 16 agus go n‐abróchadh duine agaibh leo, Imthighidh i síothcháin, déanaidh bhur ngoradh féin, agus bíodh bhur sáith agaibh; gan na neithe atá riachtanach do’n cholainn do thabhairt dóibh; cia an tairbhe é sin? 17 Is mar sin do’n chreideamh atá gan gníomharthaibh, atá sé marbh ann féin. 18 Acht déarfaidh duine éigin, Atá creideamh agat‐sa, agus atá gníomhartha agam‐sa: taisbeán do chreideamh dhom i n‐éagmais do ghníomhartha, agus taisbeánfad‐sa mo chreideamh dhuit‐se lem’ ghníomhartháibh. 19 Creideann tusa nach bhfuil acht aon Dia amháin ann; is maith do‐ghní tú; creideann na deamhain féin é, leis, agus bíonn baill‐chrith ortha. 20 Acht, a dhuine dichéillidhe, an toil leat a fhoghlaim gur nidh gan éifeacht an creideamh gan gníomhartha? 21 Nach le gníomharthaibh do fíréanuigheadh ár n‐athair Abracham, agus é ag íodhbairt a mhic Íosóg ar an altóir? 22 Nach léir duit go raibh an creideamh ag cómh‐oibriú le n‐a ghníomharthaibh, agus gur tré ghníomharthaibh do foirbhigheadh a chreideamh? 23 Agus do chóimhlíonadh an scrioptúir, Agus do chreid Abracham i nDia, agus do h‐áirmheadh dhó é mar fhíréantacht; agus do glaodhadh cara le Dia air. 24 Do‐chí sibh go bhfíréanuightear an duine, ní h‐é le creideamh amháin, acht le gníomharthaibh. 25 Ar an gcuma chéadna, nach le gníomharthaibh do fíréanuigheadh Rachab méirdreach, gur ghlac sí na teachtairí chúichi, agus gur scaoil sí uaithi iad bealach eile? 26 Óir fá mar tá an corp marbh gan an t‐anam bheith ann, ar an gcuma chéadna, rud marbh is eadh creideamh gan gníomhartha. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society