agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.
Matha 10:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhéarfar ar láimh sibh, ná bígidh imnidheach fá’n dóigh ná fá’n nídh a labharfas sibh: óir bhéarfar díbh an uair sin cad é a labharfas sibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tan do bhéaraid síad úatha a láimh sibh, na bíodh na rochás oruibh cionnas no créd laibhéortháoi: óir do bhéarthar dháoibh ar a núarsin féin an ní laibhéortháoi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labharfaidh sibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh ná go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh, An Bíobla Naofa 1981 Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh, |
agus béarfaidh siad sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh‐sean agus do na Págánachaibh.
D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?
Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?
D’á bhrigh sin, ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh an lae amárach: óir béidh a chúram féin ar an lá amárach. Ní beag do’n lá a chion féin de’n olc.
Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh:
óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh ar an uair sin cad ba cheart daoibh do rádh.
Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé.
Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.
Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.
Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í.