Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ins na laethibh sin, mar bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaigh Gréagacha gearán i n‐aghaidh na nEabhrach, toisc go ndearnadh faillighe ar a mbaintreabhachaibh san bhfriotháileamh laetheamhail.

2 Uime sin do ghlaodh an dáréag an choitcheanntacht de na deisceablaibh chuca, agus adubhradar, Ní ceart dúinne faillighe do dhéanamh i mbriathar Dé, agus bheith ag freastal bórd.

3 Uime sin, a bhráithreacha, toghaidh ’n‐bhúr measc féin móirsheisear d’fhearaibh creideamhnacha atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.

4 Acht leanfaimíd‐ne de’n urnaighe i gcómhnaidhe, agus de chraobhscaoileadh an bhriathair.

5 Agus do thaithin an chómhairle sin leis an gcómh‐chruinniú: agus do thoghadar Stiofán, fear do bhí lán de chreideamh agus de’n Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Próchorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteach ó Antuaigh:

6 do chuireadar iad sin i láthair na n‐abstal: agus, tar éis dóibh guidhe do dhéanamh, do chuireadar a lámha ortha.

7 Agus do bhí briathar Dé ag leathadh; agus bhí uimhir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do bhí a lán de na sagartaibh d’umhluigh do’n chreideamh.

8 Agus do‐rinne Stiofán, agus é lán de ghrás agus de chumhacht, míorbhailtí agus cómharthaí i measc na ndaoine.

9 Acht d’éirigh aicme de lucht na sionagóige ar a dtugadh aicme na Libertíneach, agus na gCurénach, agus na nAlecsandrianach, agus daoine ó Chilicia agus ó’n Áise, agus do bhíodar ag caismirt le Stiofán.

10 Agus do sháruigh ortha cur i gcoinnibh na h‐eagna agus i gcoinnibh an Spioraid le n‐ar labhair sé.

11 Annsin thugadar isteach daoine áirithe, adubhairt, Do‐chualamar é ag labhairt go diamhasluightheach i n‐aghaidh Mhaoise agus i n‐aghaidh Dé.

12 Agus do ghríosadar ar an gcuma sin an pobal, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe, agus thugadar ruathar faoi, agus rugadar air, agus thugadar isteach i láthair na h‐árd‐chómhairle é,

13 agus do chuireadar suas fiadhnaidhthe bréagacha, adubhairt, Ní stadann an duine seo, acht é i gcómhnaidhe ag labhairt go masluightheach i n‐aghaidh na h‐áite naomhtha so, agus i n‐aghaidh na dlighe.

14 Oir do‐chualamar é g‐á rádh, go scriosfaidh an t‐Íosa Nasardha so an áit seo, agus go n‐athróchaidh sé na cleachta thug Maois dúinn.

15 Agus do bhí súile a raibh san árdchómhairle ag dearcadh go grinn air, agus do chonnacadar a ghnúis mar bhéadh gnúis aingil.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí