Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labharfaidh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Nuair a thabharfar ar láimh sibh, ná bíodh aon imní oraibh faoi chaoi ná faoi ábhar bhur gcainte; mar bronnfar oraibh in alt na huaire úd an ní a bheidh le rá agaibh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus nuair a bhéarfar ar láimh sibh, ná bígidh imnidheach fá’n dóigh ná fá’n nídh a labharfas sibh: óir bhéarfar díbh an uair sin cad é a labharfas sibh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Acht nuair bhéarfas siad ar láimh sibh, ná bíodh sé n‐a chás agaibh cionnas labharfas sibh, nó créad adéarfas sibh: óir dobhéarfar daoibh, an uair sin féin, an nidh labharfas sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Achd an tan do bhéaraid síad úatha a láimh sibh, na bíodh na rochás oruibh cionnas no créd laibhéortháoi: óir do bhéarthar dháoibh ar a núarsin féin an ní laibhéortháoi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh ná go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:19
20 Tagairtí Cros  

Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh.


D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach?


Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn?


Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.


Agus nuair a bhéarfaid siad isteach sibh ins na sinagógaibh, agus i láthair giúistísí agus daoine cómhach tacha, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh cad a fhreagróchaidh sibh, ná conus, ná cad déarfaidh sibh.


Óir múinfidh an Spioraid Naomh daoibh, i láthair na h-uaire sin, cad is ceart daoibh a rádh.


Agus ní rabhdar ábhalta ar sheasamh i n-aghaidh na h-eagna agus i n-aghaidh na spioraide le n-a labhrad sé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí