2 Tiomóid 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta; 2 déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc; 3 Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin: 4 agus tionn‐tóchaidh siad a gcluasa ó’n gcreideamh, agus casfaidh siad chum fabhal. 5 Acht bí‐se staidéartha san uile nidh, fulaing cruadhtan, déan gnó an tsoiscéalaidhe, cóimhlíon dualgas do mhiniostrálachta. 6 Óir atáim‐se anois féin dom’ dhoirteadh amach mar íodhbairt, agus is gearr uaim uair m’imtheachta. 7 Do throideas an cómhrac maith, do shroicheas ceann cúrsa, do choimheádas an creideamh; 8 ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht. 9 Déan do dhícheall chum teacht chugam go luath: 10 óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia. 11 Ní fhuil im’ fhochair acht Lúcás amháin. Beir leat Marcus, agus tabhair i n‐éinfheacht leat é: óir atá sé tairbheach dom le h‐aghaidh mo mhiniostrálachta. 12 Acht atá Tichicus curtha go hEiféis agam. 13 Nuair thiocfas tú, beir leat an clóca d’fhágas ag Carpus i dTróas, agus na leabhair, na meamraim go mór‐mhór. 14 Do rinne Alecsander, saor umha, dochar mór dom: cúiteochaidh Dia leis do réir a ndearna sé: 15 bí ar t’aire ’n‐a thaobh‐sa: óir do chuir sé go mór i n‐aghaidh ár mbriathra. 16 Ag pléidhe mo chúise dhom de’n chéad uair níor chuidigh aoinneach liom, acht do thréigeadar uile mé: nár agarthar ortha é. 17 Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain. 18 Saorfaidh an Tighearna ó gach droch‐obair mé, agus béarfaidh sé slán mé chum a ríoghachta neamhdha: dó‐san go raibh an ghlóir go saoghal na saoghal! Amen. 19 Beannuigh do Phriscus agus d’Acuila, agus do líon tighe Onésiforuis. 20 D’fhan Erastus i gCoirinnt acht d’fhágas Trofimus i Mílétus, agus é tinn. 21 Déan do dhícheall chum teacht chugam roimh an ngeimhreadh. Beannuigheann Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Claudia, agus na bráithre go léir duit. 22 Go raibh an Tighearna led’ spiorad. Grása go raibh libh. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society