Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 4:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht bí‐se staidéartha san uile nidh, fulaing cruadhtan, déan gnó an tsoiscéalaidhe, cóimhlíon dualgas do mhiniostrálachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach maidir leat féin, bí staidéartha i gcónaí, bíodh acmhainn agat ar chruatan, bí i do shoiscéalaí saothrach, agus bain iomlán éifeachta as do mhinistreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Gidheadh déunsa faire sna huile neíthibh, fulaing anshógh, déin obair shoíbhisgeil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach bí-se stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 4:5
28 Tagairtí Cros  

Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile.


Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh.


Agus an nidh adeirim libh‐se, adeirim le cách é, Déanaidh faire.


Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Agus d’imthigheamar lá ar n‐a bhárach, agus thángamar go Céasaria: agus ag dul isteach dhúinn i otigh Philip soiscéalaidhe, duine de’n mhóirsheisear, d’fhanamar aige.


tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;


Agus thug sé daoine áirithe chum bheith ’n‐a n‐abstalaibh; cuid chum bheith ’n‐a bhfáidhibh; cuid chum bheith ’n‐a soiscéalaidhthibh; agus cuid chum bheith ’n‐a n‐aodharaibh agus ’n‐a dteagascthóiribh;


chum na naoimh d’fhoirbhiú, le h‐aghaidh gnó na miniostrálachta, chum corp Chríost do chóimh‐ghreamú le chéile:


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnadh ministir díom, do réir an chúraim do chuir Dia orm ar bhur son, chum briathar Dé do chóimhlíonadh go h‐iomlán,


Agus abraidh le hArchippus, Tabhair aire do’n mhiniostrálacht fuairis ó’n Tighearna, chum go gcóimhlíonfair í.


Ná bímís ’n‐ár gcodladh, mar sin, ar nós daoine eile, acht bímís ag faire, agus bímís ’n‐ár gcéill.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do dhéanamh det’ óige; acht bí id’ eisiompláir do lucht an chreidimh, i mbriathraibh béil, i mbéasaibh, i ngrádh, i gcreideamh, i bhfíor‐ghlaine.


Bí ag cleachtadh na neithe seo; tabhair lán‐aire dhóibh, chum go mba léir do’n uile dhuine an dul ar aghaidh atá dh’á dhéanamh agat.


D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


Fulaing cruadhtan, mar dhéanfadh saighdiúir maith Íosa Críost.


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


Bidhidh umhal d’bhúr dtreoruighthibh, agus tabhraidh ómós dóibh: óir bíonn siad ag faire bhur n‐anmanna, mar dhaoine go bhfuil sé de dhualgas ortha cunntas do thabhairt: chum go ndéanfaidh siad go lúthgháireach é, agus ní go doilgheasach: óir ní bhéadh sin chum bhur leasa.


D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;


Déan faire agus neartuigh na neithe fhanas, atá i mbaoghal báis: óir ní fuaras t’oibreacha iomlán i bhfiadhnaise mo Dhé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí